Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 19 Tá dhá chineál cultúir ag rith leis an Nollaig in Éirinn – sean agus úr. Ba cheannfhéile a bhí sa Nollaig sa tsean - am agus bhí cuid mhór nósanna ag baint léi. Ar nós na Samhna ba sheanfhéile í an Nollaig a rinne ceiliúradh ar na mairbh fosta agus tharla sí i dtrátha an ama a mbíonn grianstad an Gheimhridh (winter solstice) ann. Dheántaí na tithe a mhaisiú le heidhneán agus le cuileann. Ba ghnách coinneal mhór na Nollag a lasadh agus d ’ fhágtaí ar lasadh í ar fhuinneog na cistine. Ansin lastaí coinnle níos lú agus d ’ fhágtaí ar lasadh iad ar fhuinneoga eile an tí. Ba ghnách a dhul chuig an chéad Aifreann ar Lá Nollag féin agus bhíodh gé ag furmhór na ndaoine dá ndinnéar. Bhíodh béile mór oíche Nollaig fosta nuair a bhíodh achan rud déanta agus daoine ar troscadh ar feadh an lae in áiteacha. Ba ghnách le hiasc bán a bheith ag a lán daoine sa tsean - am ach ar Lá Nollag is gé a ba ghnách a bheith ag furmhór na ndaoine. Feoil na Gé. Síleadh cuid mhór d ’ fheoil na gé sa tsean - am, go háirithe le linn na Nollag agus fosta le linn féiltí eile i rith na bliana. Rinneadh iarracht mhór, go háirithe i measc na mbocht, gé a bheith acu le bruith, go h - áirithe in amanna áirithe ar leith. B ’ amhlaidh an scéal nuair ba ghnách leis an sagart a theacht timpeall na mbailte ag éisteacht faoistine nó ag léamh an Aifrinn. Bhéarfaí prátaí agus píosa breá de ghé dóbhtha le hithe. Ba léar leis na daoine san am sin gurbh é sin an bricfeasta a b ’ onóraí a thiocfaí a thabhairt daofa. Pisreoga. Achar an dá lá dhéag: tuar na haimsire don bhliain a bhí le theacht – achan lá ag tagairt do mhí áirithe sa bhliain a bhí le theacht. Bhí anamacha na ndaoine a fuair bás le linn an ama seo in ainm a ghabháil dí-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3