Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 2 á amháin i 1980 bhí mé taobh amuigh ag tabhairt a gcuid do na cearca agus do na lachain. Lá brothallach pléisiúrtha a bhí ann ag deireadh an tSamhraidh agus bhí na ba ina luí sa chuibhreann ag athchogaint ar a suaimhneas. Lá inteacht i lár na seachtaine a bhí ann mar chonaic mé páistí ag dul na scoile. Tháinig Neil amach ag rá liom go raibh mo dheirfiúr Bríd ar an fón. Sé ’ n scéal a bhí aici ná go raibh bearaigh ag Johnny Tom, (sin fear céile s ’ aici) má bhí suim agam bearach a cheannacht. Bhí lúcháir orm sin a chluinstin mar bhí mé ag iarraidh uirthi le tamall anuas insint domh nuair a bheadh bearach nó dhó acu le díol. Búistéir a bhí i Johnny Tom agus bhí a fhios agam go raibh an chuid ab fhearr d ’ ainmhithe aige i gcónaí. D ’ inis mé do Bhríd go mbeinn siar chomh luath agus a gheobhainn fear inteacht le tréiléar le gabháil liom. Labhair mé le Mánas Mhícheáil agus dúirt seisean go rachadh sé siar liom ar an Domhnach gan buaireamh ar bith. ‘ Sé ’ n t - aon rud a bhí ag cur isteach orm ansin ná m ’ fhear céile fhéin, Neil. Bhí seisean ar mire le gabháil linn. Chan ea go
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3