Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 20 reach chun na bhFlaithis – creideadh go raibh geaftaí na bhFlaithis foscailte le linn na Nollag. Tuar maith don athbhliain na píobairí teallaigh a chluinstean La Nollag. Bhí sé ina ghnás acu ar Árainn Mhór sa tsean - am ruball scadáin a chuimilt ar shúile páiste, Oíche Nollag Beag. Bheadh na súile saor ó achan ghalar ó sin go ceann bliana. In áiteacha sa tír deirtí go raibh sé mí - ámharach dá mbeadh gruaig rua ar do chéad chuairteoir ar La Caille, sin an chéad lá dEanáir agus gurb fhearr cuairte- oir fir ná mná. Bhí áiteacha fosta nach gcuirtí luaith na tine amach ar Lá Coille – bhíodh eagla orthu go gcaillfeadh siad tairbhe agus rath na bliana dá ndéanfaí amhlaidh. Agus bhí áiteacha fosta nach ligtí im ná bainne amach as an teach. Lá Fhéile Stiofáin : I ndeisceart na tíre san am i láthair téann páistí agus daoine níos sine amach leis an dreoilín. Téann siad thart ó theach go teach leis an dreoilín agus iad ag ceol agus ag damhsa. Sa tseanam bhuailtí cnag ar an doras agus déarfaí a leithéidí seo --- Go mbeannaí Dia anseo isteach, seachas an cat is an madra ’. Ansin déarfadh siad: Dreoilín, dreoilín, rí na n - éan, Lá Fhéile Stiofáin rugadh é, Is mór a mhuintir gí beag é féin, Tabhair dúinn pingin as ucht Dé …. Sin an tuige ar tugadh Lá an Dreoilín ar an lá seo in áiteacha. Bhí an gnás seo go forleathan i Sasana agus sa Fhrainc tráth den tsaol fosta ach char chuala mé go raibh an gnás sin a chleachtadh am ar bith fán taobh seo tíre. Ba ghnách an dreoilín a mharú in áiteacha fosta agus é a ghreamú ar bhata ard le linn dóibh a bheith a thabhairt thart.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3