Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 21 Lá na Leanbh : (28ú Nollaig). Lá crosanta na bliana, Lá Crosta na Bliana a thugtaí ar an lá seo fosta. Is ar an lá seo a mharaigh Herod na linbh. Deirtear fosta go bhfuil sé mí - ámharach tús a chur le haon chineál oibre ar an lá seo agus go bhfuil sé mí - ámharach pósadh ar an lá seo fosta. Lá Nollag Beag : seo an chéad lá den bhliain úr. Tugtar Lá Caille, Lá Cinn Bhliana nó Nollaig na mBan ar an lá seo fosta. 6ú Eanáir: Críochnaíonn Achar An Dá Lá Dhéag ar an dáta seo agus tá áiteacha ann a dtugtar Lá Nollag Beag ar an lá seo fosta; in áiteacha eile tugtar Lá Nollag na mBan air. Seanfhocail faoin Nollaig. Nollaig ghlas reilig mhéith. Nollaig ghrianmhar a dheineann reilig bhiamhar. Creideann daoine go nglanann sioc agus sneachta an t - aer thar orainn agus go bhfágtar aer folláin againn a choinníonn ar shiúl slaghdán agus aicídeacha. Má bhíonn Nollaig ghlas, ghrianmhar againn beidh aicídeacha agus bás, rud a fhágann reilig mhéith. Fad Coiscéim Coiligh : Deirtear go mbíonn fad coiscéim coiligh ar an lá ar Lá Coille. ( 1ú Eanáir). Ach cha dtig le duine ar bith a rá cé acu de dhá fhad é sin— an fad ó thógann an coileach a chois go leagann sé é arís ‘ un talaimh nó cé acu a chuirtear i gcomórtas é le fad choiscéim an choiligh. Níl ceachtar acu rófhada! Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air, agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn. Putóga dubha na bliana, ó Nollaig go Lá Fhéile Bríde. Lá Nollag, lá na mónadh agus Lá Fhéile Mícheáil thall san Fhómhar na trí lá a itheas an bodach a sháith. Is maith an bhliain a dtig Nollaig i dtús gealaí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3