Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 24 Ta an droichead úr, The Harry Blaney Bridge, trasna na Maoil Ruaidhe againn anois le 10 mbliana. Tá sé mar sci- athán mór láidir ag ceangal an dá leithinis, Ros Goill agus Fánaid, le chéile. Leis an struchtúr nua aimseartha seo tá dearmad déanta ag daoine ar an dóigh a ndearnadh taisteal sa “ tsean am ” (suas fhad leis na 1960s). Bhí ceangal i gcónaí idir an dá phobal, go háirithe an taobh thoir agus an taobh thiar den dá leithinis. Bhí sé furasta an turas a dhéanamh i gcurach. Is beag duine anois a bhfuil cuimhne acu, nó fiú amháin a chuala iomrá ar “ Roibeard an Bháid ”. Ba McElhinney an sloinneadh a bhí air agus ar feadh cúig ghlúin b ’ iadsan a bhí i mbun farantóireachta trasna na Maoile Ruaide go Fánaid. Casadh iníon Roibeard an Bháid, Ruby McCloy, orm le gairid. Bean chríonna, mhacánta shéimh agus bhí comhrá iontach suimiúil agam léithe. Bhí deichniúr sa teaghlach, ceathrar deartháireacha agus seisear deirfiúracha. Ba í an duine ab óige agus an t - aon duine den teaghlach ata fágtha. Rugadh í i Ramhar Ros sa bhliain 1931 agus cé go bhfuil sí seacht mbliana agus ceithre scór níl na blianta ag maolú a spiorad, a misneach nó a hintinn. Tá sí ina cónaí anois i Rath Mealtáin ach tagann sí isteach go Leitir Ceanainn achan Déardaoin agus bíonn lón aicí leana neacht, Alice. Chuaigh sí go dtí scoil Manor Vaughan ar Eastát Ramhar Ros agus d ’ fhág sí nuair a bhí sí ceithre bliana déag. Bhí suim mhór i gcónaí aici sa rámhaíocht. Bhí sí ag dul anonn agus anall lena deartháireacha ó bhí sí dhá bhliain déag agus ag ceithre bliana déag bhí sí in ann an bád a iomramh trasna na Maoil Ruaidhe léithe fhéin. D ’ oibrigh siad mar fhoireann, ag cuidiú lena chéile, go háirithe nuair a bhí an obair maslach. Lean sí den obair seo gur phós sí Samuel McCloy nuair a bhí sí seacht mbliana agus fiche. Ruby ina déagóir

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3