Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 25 Tá a cuimhne cruinn géar agus de thairbhe sin tá sí in ann cuntas maith a thabhairt ar shaol sóisialta agus ar ghnó na tuaithe ag an am. Bhí aistear laethúil aicí le fear an phoist, Hughie Mathewson, gach maidin ar a deich a chlog. Is cuimhin léithe fear poist eile, Jimmy Duffy as Achadh an Leataoibh a fuair bás go tragóideach i dtimpiste bóthair agus é ina fhear óg. Bhí ar fhear an phoist dhul go Tír Lachaín ar dtús agus ansin go Achadh an Leataoibh. Rachadh sé ó sin go Ramhar Ros ar a rothar. Bhí ar Ruby é a iomramh trasna na Maoil Ruaidhe. Tháinig an bád i dtír i Leat Beag, áit a bhfuil ceann an droichid úr. Ag feitheamh léithe thall bheadh dream a bhí ag teacht go Carraig Airt lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh. Bheadh an dream céanna anonn léithe ar a 12.30 nuair a bhí uirthi fear an phoist a thógáil. De ghnáth ghlac an turas fiche bomaite. Ba trasnú cuarach a bhí i gceist. Síos i dtreo bhéal na Maoil Ruaidhe le trá agus suas i dtreo Bhaile na nGallóglach le líonadh. I séasúr iascaireacht na scadán bheadh scaifte d ’ fhir óga amuigh ag caitsireacht agus rachadh duine nó beirt acú I dtólamh anonn go Fánaid. Leagfaí ardáin bhréagacha ag tosach agus ag deireadh an bháid sa dóigh go mbeadh an t - asal in ann siúl isteach. Chuirfí na cléibh lán scadán in íochtar an bháid. Nuair a chuir me an cheist uirthi; “ Nár bhog na h - asail? ” “ Bhí siad rófhalsa le sin a dhéanamh ” a dúirt sí. B ’ fhéidir go raibh an t - asal bocht tuirseach i ndiaidh di siúl as na Dúnaibh le malach trom. Ní rómhinic a fuair an t - asal bocht “ lift ” áit ar bith. Chuala mé Josie JímíMhící ag rá gur eisean an caitséir deireanach a chuaigh anonn ar an bhád go Fánaid le hasal. Bhí aonach i gcónaí ar an Chraoslach ar an 10ú lá den mhí agus ba sin lá gnoitheach díthe. Tháinig an scaifte mór anall lena gcuid rothar ar a mbealach na Chraoslaigh. Bhí lá aonaigh mar chruinniú sóisialta -- daoine ag casadh ar a cheile, ag baint suilt as an chomhrá agus an chraic. Bhí feirmeoirí agus lucht déileála eallaigh ansin agus bhí sé tábhachtach do mhuintir na tuaithe a bheith eolach ar an luach a bhí ar ainmhithe. Ar ndóigh bhí gach cineál mangaire lá aonaigh, iad ag díol éadaigh, bróga, buataisí, ropaí, cearca agus lachain, turcaí na Nollag, spéacláirí agus fiú amháin ‘ rub ’ do na piantaí sna glúine! Ma bhí ainmhithe ar an turas anonn nó anall chuirfí adhastar orthu agus greim na ndaoine sa bhád ar cheann an rópa. Bhí siad in ann ceithre ainmhí a thabhairt leo, dhá cheann ag snámh ar gach taobh den bhád. Dúirt sí go raibh ainmhí agus fiche le Ceann de na bádaí farantóireachta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3