Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 26 tabhairt trasna lá amháin do Aindí Phaidraig chuig feirm a bhí glactha aige i bhFánaid. Rinne sí an turas ó am go ham le capall agus dúirt sí nach bhfaca sí ariamh radharc níos áille ná bheith ag amharc ar an chapall ag snámh sa lán mara in aice leis an bhád. B ’ aille lena croí é agus tar éis na mblianta tá an radharc sin go fóill deimhnithe ina hintinn. Ní raibh meas mór aici ar mhuca, bhí sé doiligh smacht a choinneáil orthu sa bhád. Léim cúpla ceann acu amach san fharraige agus iad a dtabhairt trasna. Bhí daoine i gcónaí ar lorg damhsaí, fir Fhánada ag dul go halla an Chraoslaigh oíche Dhomhnaigh agus fir Rosgoill ag dul go Fánaid, go Baile Uí Shírín agus uair- eanta go Fán an Bhualtaigh. Dúirt sí gur fir a bhí ag taisteal agus ag seift mar seo, gur fíor annamh a bhí mná sa chomhluadar. Is minic a bhí a mbád fhéin anall le fir Fhánada ach ar a mbealach ‘ na bhaile is cosúil go dtéadh corr fhear ar seachrán agus go mbeadh an bád imithe ar theacht go Ramhar Ros dóibh. Bhí na daoine seo le fágáil sa bhaile ag a dó nó a trí ar maidin. Ba é a deartháir a dhéanadh an turas seo. Bhí sé de nós ag scaifte d ’ fhir Ros Goill dul go Fán an Bhualtaigh chuig damhsa oíche Fhéile Padraig. Nuair a d ’ fhágadh sí thall iad tráthnóna bhíodh siad cóirithe go maith, culaith ghorm, léine gheal agus tie agus na bróga snasta ag gach fear. Nuair a philleadh siad lá arna mhárach ní raibh an deá - chuma chéanna orthu. Cé acu an t - ólachán nó an troid a rinne an dochar, ní raibh sí cinnte. Bhí an t - éadach stróicthe ar chorr fhearr agus a lán clábar orthu. Bhí ar a máthair cúpla citeal uisce a ghail agus scála nó dhó d ’ uisce te a fhágáil amuigh dóibh le iad fhéin a ghlanadh suas. Ní raibh deifir ‘ na bhaile orthu a dúirt sí. D ’ fhanadh siad go titim na hoíche sa dóigh nach bhfeicfeadh uaisle Charraig Airt iad ar a mbealach na bhaile! In amanna turas truacánta a bhí ann dóibh. Bhí fear as Dún Dúbhain darbh ainm Mánas Mac Giolla Bhríde ina chónaí lena dheirfiúr Biddy Ann a bhí pósta thall i nGlinsc. Tháinig an bás air ansin agus bhí a chorp le tabhairt anall lena chur i reilig Mhíobhuí. Ba Ruby agus a deartháir a thug an chónair trasna na Maoil Ruaidhe sa bhád. Bhí an lá chomh garbh gaothach sin go raibh orthu an chónair a cheangal síos sa bhád. Rinne mé tagairt cheana féin den lá gnoitheach a bhí acu aonach an Chraoslaigh. Bhí sé mar an gcéanna ar an tríú lá fichead den mhí. Ba sin lá aonaigh Bhaile na nGallóglach. Ansin bhí an naoú lá fichead de Mheitheamh nuair a tháinig scaifte mór trasna chuig rásaí Chreamhghoirt. Ar laethanta gnoitheach mar seo bhí siad in ann ochtar nó naonúr paisinéirí lena gcuid rothar a thabhairt ar gach turas. Rinneadh cruach de na rothair ar an bhád. Bhí ar gach duine a bheith cúramach agus rinne sí an macnamh Ruby ina cuid fichidí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3