Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 27 nár tharla taisme i rith na nglúnta agus na mblianta a raibh siad i mbun na farantóireachta. 6 pigine a bhí an turas, scilling ma bhí rothar leat. I rith na gcaogaidí ba chuimhin léíthe an moll mór daoine a tháinig anall gach Carghas chuig an mhisean i dteach Pobail Charraig Airt. Ba gnáth leíthe fhéin, a cuid deirfiúracha agus a col ceathracha a dhul, ní de thaibhe creidimh nó cneastacht. Bhí rogha thar barr ar díol ag na stainníní de figearaís nó novelties mar a déaradh an tsean mhuintir ag an am. Rudaí beaga gleoite suaracha cosúil le fáinní, bráisléid láimhe, slabhraí bráid agus greamáin ghruaige ildaite ornáideacha. B ’ fhéidir gur sin léargas ar shoineantacht aosánaigh na linne sin. Bhí daoine ag brath ar an bhád le theacht na bhaile i ndiaidh seachtain oibre. Bhí Máire Bn Mhic Éiteagáin ina príomh oide i Scoil Cholum, i mBaile Uí Shírín ó 1962 - 1966 nuair a bhog sí anall le bheith ina múinteoir i nGort na Bráid. Tháinig sí na bhaile go rialta oíche Aoine. Bhí uirthi a dúirt sí seasacht ag an ché ar an taobh thall agus thiocfaí fa do choinne. Ba ghnáth leis an Dochtúir McCloskey a ghluaisrothair a thabhairt leis ar an bhád nuair a bhí se ag tabhairt cuairt ar othair a bhí aige i bhFánaid. Ba mhinic an lucht siúil anonn léíthe. Bhí aithne mhaith aici ar John Harvey, Handsome Paddy agus na Símís. Ba ghnáth leis na Símís diol ar son a dturas le pandaí nó dhó. Bhí daoine eile ag teacht anall a bhí ar a mbealach go Brú na hÓige i dTrá na Rosann. Chríochnaigh an fharantóireacht ag deireadh na seascaidí. Míle buíochas do Ruby a shuigh liom agus a thug an t - eolas seo domh. Fada buan a saol agus a sláinte . Ruby ar an chéidh Mhór ag Ramhar Ros Deirfúir Ruby, Dorothy ag an Chéidh Bheag ag Ramhar Ros Ruby lena Garpháistí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3