Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 3 raibh suim mhór aige sna bearaigh ach gur deis a bhí ann pub crawl a dhéanamh ar an bhealach na bhaile dúinn. “ A Neil, ” a dúirt mé leis, “ ní bheidh a leithéid de rud ann is ólachán ar an turas seo. Rachaidh mise siar, ceannóidh mé bearach nó dhó agus tiocfaidh muid aniar arís díreach. Fan thusa sa bhaile agus thig leat an dinnéar a bheith réidh dúinn tráthnóna. ” ‘ Dinnéar mo thóin ’, arsa Neil. ‘ Cha bhíonn a leithéid de rud is ocras oraibh i ndiaidh daoibh Gaoth Dobhair a fhágáil ’. Bhí a fhios agam go raibh an ceart aige mar bhí neart daoine muinteartha agamsa i nGaoth Dobhair agus iad breá flaithiúil nuair a rachfá isteach chucu. Cibé ar bith bhí muid ag argóint linn anonn is anall nuair a landáil Mánas fá mo choinne ina chortina gorm is é ag tarraing tréiléir. Dúirt mé le Neil, “ beidh muid sa bhaile roimh an tráthnóna agus rachaidh muid siar tigh Antón Mhicí ansin. ” Shocraigh sin é ach bhí sé ina sheasamh ar an tsráid mar a bheadh tachrán caillte ann is muid ag tarraingt ar shiúl. ‘ Sé ’ n chéad rud a rinne Mánas ansin ná a dhul suas ‘ na Muirleoige agus Neidí Húdaí a phiocadh suas. Bhí dúil mhór agam fhéin i Neidí mar is fear iontach deas a bhí ann ach bhí mé ag rá liom fhéin go raibh mo chuid oibre leagtha amach domh an bheirt seo a fháil ‘ na bhaile roimh an tráthnóna. Le scéal fada a dhéanamh gairid cheannaigh mé triúr de na bearaigh agus chuir muid iad ar an tréiléar. Thug Bríd an tae dúinn ansin agus thug Johnny Tom gloine mhór uisce beatha don bheirt a bhí liom. Tharla an rud céanna i gcúpla teach eile ar bhuail muid isteach iontu, ach sa deireadh bhuail muid an bóthar. Mhol mise do Mhánas gabháil amach bealach chúl an Earagail ach bhí seisean ag rá nach raibh an bealach maith go leor. Bhí a fhios agamsa go maith cad é a bhí ar intinn Mhánais. Cha deachaigh muid dhá mhíle go dtí go raibh an chéad stopadh againn, sin teach Thomáis Bhig sna Doire Beaga. Dé Domhnaigh a bhí ann is bhí baicle mhaith fear istigh ann, neart acu muinteartha domh fhéin agus bhí an craic maith. Sa deireadh thiar thall fuair mé an bheirt acu amach agus thug muid aghaidh ar an bhaile. Dúirt mé liom fhéin go mbeadhas muid sa bhaile luath go leor. Nach soineanta a bhí mé!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3