Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 4 Chuaigh muid fríd Ghort a ’ Choirce gan buaireamh ar bith ach ansin dúirt Neidí go mbeadh sé deas buaileadh isteach sa Gweedore Bar ar an Fhál Carrach. Cha raibh deacracht ar bith aige Mánas a mhealladh sin a dhéanamh. Isteach linn agus arís bhí slua istigh romhainn agus cuireadh fáilte romhainn, bhí aithne mhaith ag Mánas ar léar acu fosta. Shocraigh muid síos agus thosaigh an comhrá is na scéalta is na bréaga is an greann agus char mhothaigh muid an t - am ag dul thart. Cha raibh deifre ar bith ar an bheirt a bhí liom agus cé go raibh mé fhéin ag baint sult as an chuideachta bhí mé ag éirí rud beag míchompordach. Bhí a fhios agamsa go raibh Neil sa bhaile agus é ag feitheamh orainn. ‘ Sé Neidí a dúirt sa deireadh, “ an bhfuil a fhios agat cad é a dhéanas muid, a Mhánais? Fágfaidh muid na bearaigh thíos i nDún Dúbháin agus beidh Neil linn siar go teach Anton Mhicí. ” D ’ aontaigh Mánas le sin, buíochas do Dhia, agus d ’ fhág muid slán le lucht an bharra. Nuair a tháinig muid amach as an teach tábhairne bhí ocras orainn agus chuaigh muid isteach fá choinne chips. Thug muid fá deara go raibh baicle de bhoic óga ag knocáil thart ach cha dtug muid aird ar bith orthu. Nuair a bhí an bhuaidh faighte againn ar an fhear ghorta shuigh muid isteach sa chortina ghorm agus bhí tiúin mhaith orainn uilig. Bhí achan gháire asainn is muid ag caint fá chúrsaí an lae. Bhí muid ag dul soir ar phríomhshráid an Fhál Carraigh nuair a thug Mánas fá deara go raibh rud inteacht nach raibh i gceart leis an tréiléar. Tharraing sé isteach in aice le teach an phobail is chuaigh sé amach ag amharc thart. Chuir me fhéin síos an fhuinneog agus d ’ fhiafraigh mé dó an raibh achan rud i gceart? “ Arú, a Nan, ” a dúirt sé, “ thóg na boic óga sin an tréiléar den ball - hitch. Is é ’ n ‘ safety chain ’ a bhí ag tarraingt an tréiléir. ” Chóirigh sé sin agus d ’ amharc sé thart. An chéad rud eile chuala mé é ag rá, “ Ó Lorda, cad é seo? ” Tháinig sé ar ais agus thóg sé tóirse amach as an chortina. “ Cad é atá ciotach, a Mhánais,? ” a dúirt mé fhéin. Cha dtug sé freagra ar bith ar feadh tamaill ach sa deireadh dúirt sé, “ A Nan, cá mhéad bearach a cheannaigh tú? ” Bhail, chaill mé m ’ anáil ar feadh soicind. Bhí a fhios agam nach mbeadh seo maith. “ Triúr, ” a dúirt mé is mo chroí i mo

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3