Guth Ghoill, Eagrán 61
Eagrán 61 Nollaig 2018 5 bhéal. “ Bhail, ” arsa Mánas, “ D ’ oscail na boic (chan boic a dúirt sé ach níl dóigh ar bith a chuirfí na mionnaí móra a d ’ úsáid sé i nGuth Ghoill) sin doras an tréiléir agus níl ach dhá bhearach istigh anseo anois. ” “ Bhail scrios Dé ar sin, a Mhánais, ” arsa mé fhéin go feargach agus tuilleadh mionnaí móra uaim fhéin mar chan sásta a bhí mé. “ Cad é anois? ” a dúirt mé. “ Níl a dhath fá na choinne ach dul siar an bealach arís, “ arsa Mánas, agus thiontaigh muid thart. Cha raibh an tiúin rómhaith linn anois caithfidh mé a rá. Le scéal fada a dhéanamh gairid, cha raibh an bearach le feiceáil thall nó abhus agus landáil muid sa bhaile thart fán haon a chlog ar maidin. Níl feidhm orm insint daoibh fá cad é ’ n cineál pus a bhí ar Neil. Chan amháin go raibh bearach caillte againn ach chan fhuair seisean a oíche Dhomhnaigh tigh Mhicí. Lá arna mhárach chuir Mánas fear óg s ’ aige isteach sa tsiopa i gCarraig Airt agus chuaigh sé siar chuig an bheairic. Mhínigh sé an scéal don sáirsint. Thosaigh an sáirsint ag gáire. Duffy a bhí air agus dúirt sé le Mánas, “ bad crowd over there. ” Dúirt Mánas leisean, “ you can get a bad crowd anywhere, ” agus d ’ imigh sé leis síos go teach Phat Ned. Bhí Pat ina shuí ag an tábla agus béile maith roimhe nuair a shiúl Mánas isteach. Bhí Pat ag an am ina gharda ar an Bhun Beag i nGaoth Dobhair agus d ’ inis Mánas an scéal uilig dó. ‘ Arú, a Mhánais ’ arsa Pat go feargach, “ caidé ’ n sórt siúl a bhí ort tráthnóna Dé Domhnaigh ag gabháil thart ag ceannacht ainmhithe is ansin tú amach is isteach sna tithe tábhairne ’? Mar sin fhéin thóg Pat an fón ansin agus chuir sé scairt ar fear inteacht a raibh aithne aige air i Raidió na Gaeltachta agus d ’ inis sé an scéal dó. Chuir an raidió amach scéala fán bhearach lom díreach. San am chéanna bhí Bríd ag iarraidh ormsa a dhul ar an raidió agus an scéal a chur amach beo rud a rinne mé, agus leoga chuala mé go raibh spórt ar dóigh ar an chlár nuair a chuala daoine an scéal. Cibé ar bith, landáil Pat thuas le Mánas sa tsiopa taobh istigh de leath - uair le hainm agus seoladh an fhir a raibh an bearach ina chuibhreann aige taobh amuigh den Fhál Carrach. Fairplay do Mhánas tháinig sé anuas fá mo choinne agus d ’ imigh muid linn; cha raibh Neidí linn an t - am seo. Phioc muid suas an bearach agus bhí mé iontach buíoch don fhear a chuir í isteach ina chuibhreann.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3