Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 6 Shílfeá anois gur sin deireadh an scéil ach ní hamhlaidh a bhí. Bhí ar Mhánas a dhul isteach go dtí an Fhál Carrach fá choinne rud inteacht agus chríochnaigh muid suas sa Gweedore Bar arís. Bhí baicle istigh is iad uilig ag caint fán bhearach a cailleadh nuair a shiúl an bheirt againne isteach. Tá a fhios agaibh fhéin an cineál fáilte a cuireadh romhainn. Ba ‘ celebrities ’ a bhí ionainne fán am sin. Bhí achan fhear acu ag iarraidh an bearach cáiliúil seo a fheiceáil agus amach leis an scaifte is iad uilig ina seasamh thart ag amharc isteach sa tréiléar. Nuair a shocraigh rudaí síos agus muid ar ais sa bharra chuala Mánas fear darbh ainm John Brogan (d ’ oibrigh Mánas leis i London) ag caint le fear eile fá ainmhí a cheannacht. “ An bhfuil tú ag iarraidh ainmhí a cheannacht, ” arsa Mánas leis. “ Tá, ” arsa John, “ Bhail, ” arsa Mánas, “ díolfaidh mise an bearach sin sa tréiléar amuigh leat. ” Chuaigh John amach ag amharc ar an bhearach is tháinig sé isteach is é breá sásta í a cheannacht. Dúirt Mánas liomsa i gcogar, “ fuist thusa, a Nan, déanfaidh mise an chaint. Nuair nach deachaigh sí ‘ na bhaile leat aréir tá sé go réidh agat ligint di fanacht fán taobh seo tíre. ” Agus sin an rud a rinne mé. Fuair Mánas luach maith ar an bhearach agus landáil mé sa bhaile gan í, don darna uair! Bhí an bearach sin ag John Brogan go dtí go raibh sí ina seanbhó, cúig na sé bliana déag d ’ aois. Nach ait an mac an saol.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3