Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 7 Tá muid ar ais i nDumhaigh do eagrán na Nollag. Chonacthas domh i gcónaí go raibh cineál de dhraíocht ag baint leis an bhaile fearainn seo ar chladach na farraige móire. Nuair a shroich tú barr mhalaigh Bhidí bhí an radharc a nocht os do chomhair macasamhail mar a bheadh Tír na nÓg ann - an Fharraige Mhór, an Cnoc Mór, Carra ’ Ghoill agus na tithe aoldaite bána faoi scáth an Chnoic Mhóir. Cha raibh iomrá ar bith ar Oisín a bheith fán áit ach leoga bhí corr dhuine fá Dhumhaigh a mheas gur de bhunadh Fhionn Mhic Cumhaill iad!! Ach is cinnte go bhfuil Dumhaigh anois mar a bhí Oisín i ndiaidh na Féinne, an tseanmhuintir agus an saol a bhí acu ag coraíocht le cuibhrinn chreagacha is le tonnta tréana ag imeacht as cuimhne. Dúirt Sarah Mhícheáil liom, bean a ru- gadh agus a tógadh i nDumhaigh agus a rinne a céad bliain a cheiliúradh i mí Iúil na bliana seo, go gcuireann sé cumhaigh uirthi anois a dhul thart le Dumhaigh agus an anchuma atá ar chuid den bhaile anois le taobh mar bhí sé. Thug mé cuairt ar Dhumhaigh le linn an tSamhraidh i mbliana agus chaith mé traidhfil tráthnónta iontach taitneamhacha istigh ag fear eile de bhunadh Dhumhcha, fear a rugadh agus a tógadh ar an bhaile, sin Jimmí Dhonchaidh Jimmí. Thug Jimmí mé ar thuras siar fríd a bhunadh agus a chuimhní—Muintir Dhonchaidh Jimmí Mac Giolla Bhríde ab ea a bhunadh ar thaobh a athar agus muintir Johndy Mhic Laifeartaigh ar thaobh a mháthrach. Jimmí Mac Giolla Bhríde. Jimmí Mac Giolla Bhríde a bhí ar athair mór Jimmí fosta agus rugadh é timpeall na bliana 1866. Phós sé Máire Ginn Ní Shiaidhail as Dumhaigh sa bhliain 1890 agus bhí ceathrar clainne acu – Donchadh 1893, Micí 1895, Muiris 1900 agus John ( Nonni). Bhí Donchadh Jimmí , sin athair Jimmí pósta ar Bhidí Nic Laifeartaigh nó Bidí Neidí mar ab fhearr aithne uirthi. Triúr clainne a bhí acu – Jimmí, Máire agus Edward. O chlé: Máthair Jimmy, a dheirfiúr Máire, Jimmy é fhéin agus a athair Donchaidh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3