Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 8 Bhí Micí pósta ar Shorcha Ní Dhochartaigh (deirfiúr le James Antoin a ’ Dochartaigh) as Baile na Deora agus bhí triúr clainne acu – Muiris, Máire agus Nóra. Fuair Sorcha bás óg. Bhí Muiris ina gharda i dTamhnach Talaimh agus bhí sé pósta ansin ar bhean as Port Nua de shloinneadh Mhic Giolla Uain . Bhí seachtar clainne ar fad acu, seisear níonach agus mac amháin. Bhí aithne mhaith ar dhuine de na gir- seachaí fan cheantar seo, ‘ sé sin Máire, mar gur chaith sí tréimhse fada ag teagasc i Scoil an Chraoslaigh. Bhí John nó Nonni mar a thugtaí air pósta ar an Chorrach ar Mháire Nic Pháidín (Máire Mhaghnais Sheáin) agus bhí cúigear clainne acu – Donchadh, Pádraig, Jimmí, Micí agus Máire. Bidí Neidí. Ba seo máthair Jimmí. Bhí sí ina iníon ag Neidí Johndy, (athair mór Jimmí) teaghlach a raibh cónaí orthu i nDumhaigh fosta, tá an teach ansin go fóill thuas ar thaobh do láimhe deise i ndiaidh duit a dhul síos Malaigh ‘ n Droime. Johndy Mac Laifeartaigh , a rugadh timpeall na bliana 1822 a bhí ina shin shean athair ag Jimmí ar thaobh a mháthrach. Bhí Johndy pósta ar Bhelle Nic Giolla Choinnigh as Oileán a ’ Bhráighe agus bhí seisear clainne acu ach fuair duine acu bás óg. Bhí Pádraig, Frank, Peter, Neidí (1861) agus William (1871). Chaith Frank agus Peter a saolta i Perth na hAstráile. Bhí Frank ag obair ar fheirm san Astráil agus tráthnóna amháin i ndiaidh dó an lá a chaitheamh ag treabhadh le dhá bheathach thug sé a aghaidh ar an bhaile. Bhí sé ag marcaíocht ar cheann acu agus shocraigh se na beithigh a thabhairt isteach i loch uisce leis an chúr allais a ní dóibh ach cibé cliseadh a baineadh as an bheathach a raibh sé uirthi caitheadh Frank thar mhullach a chinn isteach sa loch agus báitheadh é. Bhí Peter pósta amuigh i Perth agus bhí iníon aige sna mná rialta. Cha raibh Pádraig ná William pósta agus chaith William a shaol fá Dhumhaigh. Fuair sé bás sa bhliain 1957. Bhí Pádraig fán bhaile de réir daonáirimh na bliana 1911, cha raibh sé pósta san am sin, cé acu pósadh é ina dhiaidh sin níl muid cinnte. Bella (Aintín), Jimmy ina pháiste, Bidí (Máthair), Annie (Aintín), Máire ina páiste agus Máire (Aintín).

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3