Guth Ghoill, Eagrán 61

Eagrán 61 Nollaig 2018 9 Phós Neidí Johndy , sin athair mór Jimmí, Máire Mharcais Nic Lai- feartaigh as an Bhaile Úr thart fan bhliain 1885.Bhí seachtar clainne acu, seisear gir- seach agus mac amháin ach fuair an mac John bás óg. Bhí Bella (1886), Kate (1888), Máire (1890), Anna (1892), Bidí (1897) agus Gráinne. Cha raibh Bella ná Máire pósta. Bhí Kate pósta ar fhear as Tír Eogain a raibh Eoin Kelly air, Anna pósta ar Phil Padden as Muigheó agus Gráinne pósta ar Jim Slevin. Chuaigh an chlann uilig go Meiriceá ach tháinig Máire agus Bella ‘ na bhaile i ndiaidh traidhfil de bhlianta agus bhí siad beo le William sa teach inár tógadh iad i nDumhaigh. Chuaigh Bidí go Meiriceá sa bhliain 1929 agus chaith sí trí bli- ana thall agus ar theacht ‘ na bhaile díthe phós sí Donchadh Jimmí. Donchadh Jimmí agus Bidí Neidí. Mar a luaigh mé cheana fhéin ba triúr de chlann a bhí acu – Jimmí a rugadh i Mí na Nollag 1933, a dheirfiúr Máire a rugadh sa bhliain 1936 agus an duine ab óige Edward a rugadh i mí Meán Fómhair na bliana 1939. Bhí a mhacasamhail de shaol ag Donchadh agus Bidí agus a bhí ag lanúineacha eile fán cheantar seo, cha raibh fostaíocht ar bith gurb fhiú trácht air agus mar sin de thug siad a mbeatha i dtír ar screabáin agus ar an fharraige mhór. Ag dul siar ceithre fichid bliain ó shin, nuair a bhí Jimmí ag fás suas, bhí bunadh na háite ábalta theacht i dtír ar thoradh an talaimh -- prátaí agus glasraí; thug an bhó bainne agus im agus na cearca uibheacha agus feoil agus thug an fharraige agus an cladach uafa go flúirseach, éisc agus sliogéisc. Bhí trí bhó acu a choinnigh bainne leofa agus ansin ag amanna áirithe dhéanfaí an bainne a bhualadh agus thug seo im dóibh, im baile a thugtaí air. Leoga cha raibh mórán taitnimh ná meas ag cuid mhaith den ghlún a tháinig ina dhiaidh sin ar im baile agus tosaíodh ar úsáid níos fairsinge a bhaint as im siopa. Bhí muca ag muintir Jimmí fosta, dhéanfaí iad a reamhrú agus ansin dhíolfaí na mu- ca leis an mhonarchan. Dar ndóigh lena chois sin uilig bhí cearca agus turcaithe O chlé: John Mhícheáil (Mac Phaidín) Edward (deartháir Jimmy), John Ewebank (Mac le Hannah Mhícheál) agus Jimmy.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3