Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 10 amharc ar sin ” a dúirt sí agus thóg mé an réal uaithi. Chonaic mé an dáta, 1924 agus bhí líne gearrtha ann. “ Sin réal Chaitlín, ” arsa Bríd sula bhfuair mé deis ceist a chur. “ Chuaigh Caitlín go Meiriceá thart fán am a chuaigh me fhéin go hAlban, ” arsa Bríd. “ Chan fhaca mé í arís ach bhí cárta Nollag sa phost domh achan bhliain go dtí gur stad sin thart fá deich mbliana ó shin. Seo chugat, ” a dúirt sí, agus shín sí litir chugam. “ Bhí an litir sin sa chárta deireanach a fuair mé. ” Léigh mé fhéin an litir amach os ard. Seo go díreach na focla a bhí scríofa. Anois, sin deireadh an scéil. A Bhríd, a chara, Is dóiche go mbeidh mé ar shlua na marbh sula mbeidh an litir seo fiú amháin i do lámh agat. Bhí saol maith agam anseo i Meiriceá agus cé nár phós mé ariamh bhí teaghlach mhór agam ins na mílte páiste a chuaigh fríd an scoil ina raibh mé ag múineadh, agus nuair a rinneadh príomhoide domh blianta ó shin rinne mé cinnte go raibh leabhair saor in aisce do na páistí nach raibh mórán airgid ag a dtuismitheoirí, agus chuir mé mo chuid airgid uilig isteach i dtrustfund sa dóigh go leanfadh sin ar aghaidh i mo dhiaidh. Ach is í an tseoid is luachmhaire domhsa ná an réal beag seo atá mé ag cur chugatsa a Bhríd. Aithneoidh tú é. Choinnigh mé é liom thart ar mo mhuineál achan lá ó d’fhág mé agus is é a thug uchtach agus misneach domh. Tá fhios agam go bhfuil gar phaistí agatsa a Bhríd agus b’fhéidir gur mhaith leat é a thabhairt do dhuine acu. Tá súil agam go mbeidh an t-ádh céanna ag baint leis i gcónaí. Slán a chara, Caitlín.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3