Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 11 Ag tús mí Mheán Fómhair tagann na páistí ar ais chuig imeachtaí Chéim Aniar i ndiaidh am scoile in ionad CLG na nDúnaibh. Suas go dtí’n Nollaig ullmhaíonn siad d’Fhéile Chéim Aniar, comórtas aithris filíochta Guth Ghoill. Bíonn cluichí agus comhrá mar pháirt do na himeachtaí agus i mí Deireadh Fómhair faigheann siad na línte do na drámaí. I mí Eanáir fágann muid Ionad CLG agus téann muid síos go dtí Coláiste Ros Goill agus díríonn muid isteach ar na drámaí. Téann páistí Chéim Aniar isteach i gcomórtas scoildrámaíochta achan bhliain. Is comórtas náisiúnta atá anseo, agus i dtaca le Dún na nGall de bíonn tús curtha leis an chomórtas i bhFéile Áitiúil i nGaoth Dobhair thart fán deichiú lá de mhí Mhárta achan bhliain. Ciallaíonn sin go mbíonn brú teann go leor ar achan duine, páistí, tuismitheoirí agus oifigigh Chéim Aniar le bheith ullmhaithe don chomórtas. Thart fá trí seachtaine roimh an dáta sin tagann na páistí isteach níos minice agus oibríonn achan duine go crua le bheith réidh don lá mór. Níl dóigh ar bith a mbeadh na páistí réidh gan an cuidiú a fhaigheann muid ó na tuismitheoirí agus tá Céim Aniar fíor bhuíoch dóibhsean a chuidíonn ar dhóigh ar bith. I mbliana chuir muid trí dhráma isteach sa chomórtas: Páirc an Óir le Rang 1-2. Draoi Oz le Rang 3-4 agus An Teachín Crainn le rang 5-6. Bhí cúpla lá mór drámaíochta i nGaoth Dobhair ar an 11ú agus 12ú Márta. Bhí drámaí Chéim Aniar ar stáitse ar an Luan 11ú Márta. Bhain achan duine sult as na drámaí seo. Bhí na páistí uilig iontach maith ar an lá agus bhí lúcháir ar na tuismitheoirí agus dár ndóigh ar na páistí iad fhéin go deachaigh rudaí chomh maith sin ar an lá. Tá ard-chaighdeán drámaíochta sa chomórtas seo agus amach as 34 dráma chuaigh 18 fríd go Féile Uladh, ina measc An Teachín Crainn le Rang 5-6. Bhí Féile Uladh san Ghrianán ar an 21ú agus 22ú Márta agus is cúis bhróid é do Chéim Aniar gur cháiligh An Teachín Crainn don Fheile Náisiúnta i Muileann gCearr ag reáchtáil ón 3ú go dtí’n 10ú Aibreán.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3