Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 12 Titeann Oíche Fhéil’ Bríde ar an lá deireanach de mhí Eanáir.Tá tábhacht mhór ag baint le Féile Bríde. Cuireann seo deireadh leis an Gheimhreadh agus tús le séasúr an Earraigh.Tá sé ráite go dtosaíonn rudaí ag fás as seo amach agus go dtosaíonn na h-éanacha ag ceol agus ag tógáil a gcuid neadracha ó Oíche Fhéile Bríde ar aghaidh. Deirtear go músclaíonn an nádúr ó Oíche Fhéile Bríde amach fosta. Seo an oíche a ndéantar Cros Bhríde agus a gcuirtear amach píosa éadach a dtugtar bratóg Bhríde air. Roimh luí gréine bheadh sopóg fheaghacha gearrtha agus fágtha taobh amuigh d’achan dhoras.Ansin níos moille san oíche bheadh pota prátaí curtha ar thine mhór agus ansin nuair a bheadh na pré- ataí goillte agus iad silte, bheadh siad fágtha ar thaobh na tine le hiad a choinneáil te.Ansin dá mbeadh duine sa teach darbh ainm Bríd, thitfeadh sé uirthise a dhul amach leis na feaghacha a thabhairt isteach, ach muna mbeadh, thitfeadh se ansin ar bhean a’ tí iad a thabhairt isteach . Bhuailfeadh sí cnag ar an doras agus scairteadh sí amach; ‘Gabhaigí síos ar bhur nglúine, fosclaigí an do- ras agus ligigí isteagh Bríd Bheannaithe.’ Bhéarfadh muintir a’ tí freagra uirthi; ‘Sé Beatha, Sé Beatha, Sé Beatha na mná uaisle’. Déantar seo trí uaire agus ansin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3