Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 13 bhéarfadh Bríd isteach na feaghacha, agus bheadh siad fágtha ar an urlár.Thóg- taí an pota préataí ó thaobh na tine agus d’fhágtaí é i lár an urláir agus chuirfí na feaghacha thart fán phota ansin.Ag an am seo den bhliain bhíodh ganntanas ime ann, ach dhéanadh bean a’ tí cinnte go mbeadh im sábháilte aici le cur fríd na préataí, mar go raibh tábhacht mhór ag baint leis an im.Ansin bhéarfaí anuas an tuairgín agus dhéanfaí brúitíní as na préataí, agus chuirfeadh achan duine sa teach lámh leis an tuairgín a fhad agus bhí seo ag dul ar aghaidh.Ansin chuirfí na brúitíní amach ar na plátaí agus d’ íosfadh achan duine a sáith. Cor- ruair dhéanfadh siad tobar i lár na bpréataí nuair a bheadh siad ar na plátaí agus chuirfeadh siad a thuilleadh ime ar na préataí agus d’fhágadh sin blas galánta ar na préataí. Thosódh siad ag déanamh na gcrosanna ansin agus nuair a bheadh go leor cro- sanna déanta acu chuirfeadh siad cros suas sa chistin ar dtús, agus ansin ceann in achan seomra. Nuair a bheadh sin déanta acu rachadh fear an tí amach le ceann a chur sa bhóitheach, ceann eile sa stábla agus ceann sa scioból leis na h- ainmhithe a choinneáil sábháilte, mar go raibh muinín tréan acu i gCros Bhríde. Nuair a bheadh na crosanna uilig déanta acu thógfaí suas go deas cúramach feaghacha ar bith a bhí fágtha thart agus rachadh fear an tí amach go dtí an bhóitheach leofa, agus chroithfeadh sé iad thart mar leabaidh faoin bhó. Bhí si- ad cinnte go gcuideodh seo an bhó a choinneáil folláin i rith na bliana, go mbeadh go leor bainne aicí agus go mbeadh go leor ime fán teach fosta. Bhí seo an-tábhachtach ar fad go h-áirithe sna tithe ina raibh teaghlaigh mhóra iontu, agus leora bheadh sin fíor fán chuid is mo de na tithe san am seo. Sin cad chuige a raibh an oiread sin muinín ag na daoine i gCros Bhríde agus i mbratóg Bhríde. Bhí seo fíor go h-airithe faoi na feirmeoirí mar gur tús an Earraigh a bhí ann - tús a gcuid oibre agus dá mbeadh beannachtaí Bhríde leofa bheadh séasúr maith amach rompu. Bhain na feirmeoirí úsáid as Cros Bhríde go minic agus ceann de na huaireanta a dhéanfadh siad sin ná nuair a tharlódh rud inteacht den bhó agus deirtí go raibh an bhó scaoilte. Is é an míniú a bhí acu ar seo ná gur ghnáth le clocha
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3