Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 14 beaga bána a bheith ‘na luí thart fá na cuibhrinn, agus bhí se ráite gur na daoine beaga a bhí a gcaitheamh anuas ón spéir agus dá mbuailfeadh siad na ba chial- lódh sin go raibh na ba scaoilte agus go rachadh siad dá gcuid. Mar sin chaillfeadh siad a neart agus cha bheadh siad ábalta ithe. Ghlac bunús na bProtastúnach chomh maith leis na Caitlicigh leis go raibh seo ag tarlú. Cha bheadh moill ar bith orthu scairt a chur ar fhear sa cheantar a theacht chucu lena Chros Bhríde agus le Coinneal Mhúire, le tabhairt faoin bhó a bhí scaoilte. Thiocfadh an fear go dtí an teach ansin i ndiaidh luí gréine agus bheadh an bhó istigh sa bhóitheach. Rachadh sé isteach sa bhóitheach agus Cros Bhríde agus an Choinneal Mhuire leis. Rachadh sé thart ar an bhó leis an chros agus leis an choinneal ar dtús agus ansin chuirfeadh sé iad faoi chorp na bó agus bheadh sé ag paidreoireacht chuig Bríd Bheannaithe a fhad agus a bheadh seo ag dul ar aghaidh. Níl mé ag rá go mbeadh na paidreacha seo ag achan duine. Choinníodh siad an bhó istigh sa bhóitheach i rith na h-oíche agus nuair a chuirfí amach ar maidín í thosódh sí ag ithe aríst. Chreid siad go tréan i gCros Bhríde agus bhí an cruthú ansin acu. Bhaineadh siad úsáid as an chros seo da mbeadh bó ag breith agus í i dtrioblóid. Chuirfeadh siad an chros thart ar mhuinéal na bó agus bhí siad cinnte go gcuideodh seo léithe breith agus í a choinneáil sábháilte. Maidir le bratóg Bhríde bheadh píosa éadaigh, bán no dearg, crochta amuigh roimh luí gréine sa dóigh agus go mbeadh an ghrian ag soilsiú ar an éadach agus í ag dul síos . Chreid na daoine go mbeadh Naomh Bríd ag dul thart Oíche Fhéil’ Bríde agus dá bhfeiceadh sí an t -éadach crochta amuigh go gcoisriceodh sí é agus go mbeadh an píosa éadaigh seo an-ádhúil ar fad i rith na bliana. Bhéarfaí Bratóg Bhríde isteach arís roimh bhreacadh an lae. Bhí muinín mhór ag daoine i mBratóg Bhríde. Ba ghnáth leis na feirmeoirí píosa beag de Bhratóg Bhríde a ghearradh amach agus bheadh sé fuaite is- teach taobh istigh den chóta acu. Rinne siad seo sa dóigh is nach mbeadh siad
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3