Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 15 ariamh amuigh ag obair gan Bratóg Bhríde a bheith leofa, mar go gcuideodh seo leofa a bheith slán o thinneas agus ó thimpistí. Nuair a bheadh na feirmeoirí ag dul ar an bhealach mhór agus an capall leofa gléasta suas, chuirfeadh siad píosa de Bhratóg Bhríde trasna os cionn a chuid súl, le hiad a choinneáil sábháilte, mar go raibh siad cinnte go raibh corrdhuine amuigh an- sin a bhí ábalta amharc isteach i súile an chapaill agus droch ádh a chur air. Blinkal a thugadh siad ar seo agus chuirfeadh sé an capall amú. Fosta dá mbeadh siad ag dul ‘un aonaigh agus cúpla ainmhí leofa, ba ghnáth leofa cúpla píosa snáithe a tharraingt as Bratóg Bhríde agus sreangan a dhéanamh as agus é a cheangailt ar ruball na n-ainmhithe le hiad a choinneáil sábháilte ó dhaoine a chasfaí orthu leis an drochshúil agus a d’fhéadfadh mí -ádh a chur orthu. Corruair nuair a bheireadh an bhó ach go h-áirithe nuair a bheireadh bearrach agus gan í a bheith ábalta glanadh i gceart chuirfeadh siad Bratóg Bhríde ar dheireadh na bó agus ghlanfadh an bhó ansin. Duine ar bith a bhí tughta de cheann nimhneach go h -áirithe le toirneach, chuirfeadh siad Bratóg Bhríde ar a gceann agus chuideodh seo go mór leofa.Tá sé ráite nach mbeadh bád ar bith ag iascaireacht gan bratóg Bhríde a bheith crochta sa bhád.Téann lear daoine ag toibreacha Bean- naithe Oíche Fhéil’ Bríde, agus anseo i dTír Chonaill tá Tobar a’ Dúin againn. Seo tobar a bfhuil clú agus cáil air, chan amháin anseo i dTír Chonaill ach fríd an tír uilig agus leora ar fud an domhain. Cuirtear tús leis an oíche le hAifreann i dTeach Pobail anTearmain ag a 10 a chlog. Nuair a bhíonn an t-Aifreann thart, imíonn achan duine, an sagart ina measc, agus siúlann siad an cúpla míle go sroicheann siadTobar a Dúin.Ansin ag an mheánóiche deireann an sagart paidreacha agus coisriceann sé an tobar. Líonann lear daoine buidéal uisce coisricthe as an tobar ansin agus bhéarann siad é leofa na bhaile . Fanann cuid eile acu agus níonn siad a gcuid cosa agus déanann siad turas thart fan tobar agus iad costarnocht.Taispéanann seo an muinín atá ag na daoine in Oíche Fhéil’ Bríde agus a fhad agus tá na rudaí seo ag dul ar aghaidh buíochas do

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3