Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 17 Is minic go mbíonn fonn orm bheith amuigh ag siúl agus níl áit ar bith is fearr liom ná a dhul suas an cnoc ar chúl mo theach féin. Níl agam ach siúl amach an doras agus tá tús curtha agam le mo shiúlóid. Tá cónaí orm féin i mBaile na Deora, baile fearainn ar an taobh thoir de Ros Goill. Tá sé suite idir Cluain tSaileach agus an Ghlíob. Seo mar a bhíonn mo lá nuair a théim amach ag siúl. Suas an mhalaigh liom ar chúl an tí, Loch an Charnáin ar thaobh mo láimhe deise. Níl mórán den loch fágtha anois faraor, é chóir a bheith líonta isteach ag fásra (vegetation) ach lá den tsaol bhí tábhacht ag baint leis an loch céanna. B’fhoinse luachmhar uisce é. D’iompródh m’athair agus a chuid deartháireacha agus deirfiúracha buicéadaí uisce as an loch suas go cuibhreann a bhí againn i bhfad suas an cnoc faoi scáil Chnoc an Ála. Bhíodh préataí curtha thuas sa chuibhreann seo agus bhíodh siad le spréáil cúpla uair i rith an tséasúir. Dar ndóigh, bhíodh go leor uisce de dhíth le seo a dhéanamh. Bhí Loch an Charnáin fóirsteanach don riachtanas seo. Na bachtaí móna agus An Seascán, Cnoc na Sleá sa chúlra

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3