Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 18 Níos faide suas an cnoc tá Cnoc na gCruach. Tá ceangal idir an cnoc seo agus An Seascán níos faide suas. I bhfad ó shoin, ba ghnáth le cuid de mhuintir na háite a gcuid móna a bhaint thuas anseo agus ansin bhéarfadh siad an mhóin aniar le hasail agus cléibh (creels) chomh fada le Cnoc na gCruach. Dhéanfadh siad cruacha beaga móna di ansin agus d’fhágfadh siad ansin iad go dtí go mbeadh an mhóin de dhíth orthu sa bhaile. Bhí áit eile cosúil le seo níos faide siar an cnoc ag barr lána atá ansin go fóill. San áit seo bhí ballaí ísle cloiche tógtha le foscadh ón aimsir a thabhairt don mhóin agus le cuidiú í a thriomú. Faoi mar a dúirt mé thuas ba ghnáthach le muintir na háite a gcuid móna a bhaint as An tSeascán. An chiall atá leis an ainm seo ná áit fhliuch. Go fóill, tá rian de na bachtaí (turf banks) le feiceáil. Luaigh mé Cnoc an Ála níos luaithe, cnoc atá suite idir Baile na Deora agus an Ghlíob agus é ag amharc síos ar Ghleann Raithnigh agus Gleann Úraí agus amach na farraige. Deirtear gur na hailltreacha ata ar thaobh an chnoic a thug a ainm dó. Suite thuas anseo i lag iargúlta a bhí cró stile ag John Bán Ó Gallachair as An Ghlíob lena chuid poitín a dhéanamh. Deirtear go dtáinig cúpla bó as an áit ar an phoitín lá amháin, gur ól siad braon maith di agus go raibh siad breá meidhreach ag dul síos Bearna na Gaoithe dóibh! Níl fágtha den stil anois ach cuid de na clocha agus is mór an trua nach dtig leo labhairt! Tá cúpla cineál carraige le feiceáil fan cheantar seo, Cloch aoil ina measc. Bhí tobar ann a dtug muid Tobar na gCloch Aoil air agus bhí fíoruisce galánta le fáil ann. Chuirtí na páistí suas an cnoc le canna den uisce seo a Tobar na hAilte Baine Na ballaí cloiche do na cruacha beaga móna

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3