Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 19 thabhairt ‘na bhaile, seo an t - uisce a d’úsáid muid le hól muid féin. Thóg muid an t-uisce don níochán srl. ó Thobar na hAilte Báine atá ar an teorainn idir Baile na Deora agus an Ghlíob. Dar ndóigh, tá go leor plandaí ag fás suas an cnoc, fraoich, raithneach, caonach sfagnam (sphagnum moss) ina measc, a dtábhacht féin ag baint le achan cheann acu i saol mór an dúlra. Ceann de na cinn is suimiúla ó thaobh bhéaloideas na háite ná ceann ar a dtug muid Méara Cholmcille air, (stags-horn clubmoss). Sa tsean-am, bhíodh an t-eallach thuas an cnoc ar féarach ag daoine. Go minic, théadh an t-eallach ar seachrán agus chaití iad a chuartú. Deirtí dá dtiocfadh duine trasna ar Mhéara Cholmcille gurbh ionann sin agus go bhfaighfeá do chuid eallaigh gan mhoill! Nach iomaí bua a bhí ag Colmcille?! Agus mé ag teacht go deireadh mo shiúlóide bíonn rogha le déanamh agam. An rachaidh me go barr Gáinne, go dtí’n Cnoc Mór, ait a bhfuil ballógaí Theach na Spiaraí (Ó Siadhail), Caiseal na bhFiann, Baile an tSléibhe, nó go dtí’n áit a raibh Heidí Sheoirse Mharcais ina cónaí fadó. Sin uilig nó suigh ar bharr na Charraige Airde agus bheith ag amharc uaim agus a bheith ag smaointiú agus ag meabhrú ar mo mhuintir a chuaigh romham agus ar an oidhreacht luachmhar a d’fhag siad ina ndiaidh. Is mór a chuireann an oidhreacht seo le lá i mo shaolsa. Méar Cholmcille agus Caonach Sfagnam Seanteach a ’ Spiaraí An Charraig Ard
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3