Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 2 CLÁR Coirnéal Nan 2 Féile Scoildrámaíochta 11 Oíche Fhéile Bríde 12 Lá i mo Shaol 17 Seachtain na Gaeilge 23 Scéalta Báis 25 Lá Fhéile Pádraig 28 á cuimhne mhaith agam ar mhaidin amháin siar i m ’ óige is mé thíos ag an abhainn le mo mháthair. Bhí muid ag líonadh na buicéadaí le huisce rud a rinne muid achan lá. Cha raibh uisce ar bith sna tithe san am sin agus bhí orainn é a tharraingt ón abhainn. Cibé ar bith, tháinig fear le hasal an mhaidin áirithe seo mar ba seo áit a dtiocfadh leat an abhainn a thrasnú. Bhí cuma ar an seanasal seo go raibh sé réidh le titim. Bhí ceithre chloch (stepping stones) ag dul ó thaobh amháin go dtí ’ n taobh eile. Bhí doimhneacht na habhann leathbealaigh suas ar na clocha seo ach dá mbeadh tuile san abhainn, rud a tharla minic go leor, cha bheadh cead againne gabháil a chóir an abhainn. “ Bhail, a Bhidí, tá scoth lá ann, ” arsa an fear. “ Tá lá breá ann ceart go leor, a Chonnie, ” arsa mo mháthair. Sheas Connie ar an chéad chloch agus dúirt sé “ hup, hup, a Neidí, ” leis an asal ach cha raibh bogadh as Neidí. “ Tá an t - asal sin ar a dhé deiridh, ” arsa mo mháthair. Sheas Connie suas díreach ar an chloch mar a bheadh saighdiúir ann agus bhain sé de a bhairéad. (Níl a fhios agam cad chuige.) “ A Bhidí Bhig, a dúirt sé is é feargach go leor, “ tá Neidí bocht ar an bhóthar chomh fada sin go bhfuil fiacla sé orlach ar fad ina bhéal agus tá dearmaid déanta aige ar thrí oiread a bhfuil ar eolas agatsa. ” Chuir sé a bhairéad ar ais ar a chloigeann maol agus dúirt sé “ hup, hup, a Neidí. ” Shiúil Connie agus a asal trasna na habhann gan focal nó fuaim ó Chonnie nó ón asal. Sheas mé fhéin is mo mháthair ar leataobh dóibh agus muid ag amharc ar an bheirt mhórtasach ag imeacht uainn. ‘ Sé ’ n fáth gur inis mé sin daoibh ná go bhfuil mé fhéin ar na laethanta seo rud beag cosúil leis an asal i dtaca leis an mhéid a bhfuil dearmad déanta agam air. Ach sin ráite tá scéal beag a sheasann amach i mo chuimhne agus cha ndéanaimse dearmad de a choíche. Chan scéal fá dtaobh domhsa atá ann ach scéal fá mo dheirfiúr Bríd, go mbeidh Dia maith di. Tá mé ag gabháil ar ais go dtí tús na dtríochaidí leis an scéal seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3