Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 20 Agus mise i mo ghasúr óg is minic a chuala mé m ’ athair (Brian Mac Lochlainn as Baile na Deora) ag caint fá na hamanna a chaith sé amuigh sa churach lena athair féin Pádraig (Padaí Bhrianaí). Bhíodh Padaí ag iascaireacht gliomaí, partán, súilíní ( pollock) cuileogaí rua ( juvenile pollock), glasán (coalfish) agus go leor cinéalacha eile éisc ar an Mhaol Rua - suas chomh fada le Creamhghort, amach ón Mheall Mhór agus amach ó chósta Ghleann Úraí. Is sa churach a dhéanadh sé an iascaireacht seo uilig. I gcuideachta le Padaí go minic bhíodh m ’ athair agus Micheál s ’ againne. Ag dul siar glúin eile bhíodh athair Phadaí, Brianaí Browne mar ab fhearr aithne air, amuigh ina churach ag treabhadh na dtonnta agus ag saothrú greim le hithe don teaghlach. Ba mhinic comharsana ina chuideachta fosta, daoine cosúil le James a ’ Dochartaigh, Hughie a ’ Bhrógáin agus Neil Cullen. Ag dul siar glúin eile go fóill bhí máthair Bhrianaí, sin í Neansaí Browne as Gort na Luchóg, ábalta an curach a rámhaíocht ó thráigh Ghort na Luchóg suas an Mhaol Rua chomh fada le Muileann Plúir Bhaile na nGallóglach, áit a bhfaigheadh sí cúpla mála plúir le tabhairt ’ na bhaile léithe. Chuir na scéaltaí seo uilig a chuala mé iontas agus alltacht orm féin. Mhúscail said ionam suim sa churach mar bhád iascaireachta agus mar ghné thábhachtach de shaol na ndaoine. Bhí sé doiligh a chreidbheáil chomh eolach agus chomh oilte agus a bhí an mhuintir seo a chuaigh romhainn, go háirithe nuair a smaointíonn muid ar an bheagán ama a chaith na créatúir ar scoil. I dtús Neil Ó Cuilinn & Pádraig (Padaí Bhrianaí) Mac Lochlainn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3