Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 21 báire bhí an t - ábhar le cruinniú leis an churach a thógáil, idir shlatacha cáil agus saileoige chomh maith le adhmad leis an chreatlach a dhéanamh. Ansin bhí an craiceann le cur ar an churach. Sean mhálaí plúir a húsáideadh le seo a dhéanamh, is iad na mná a rinne an gearradh amach agus an fhuáil ( sewing) le seo a chur in oiriúint don churach. Chuirtí an craiceann seo ar an churach agus ansin bhí tarra le cur sa mhullach ar sin. Chaití an tarra a théamh le seo a dhéanamh. Ansin bhí na rámhaí le déanamh, chaitheadh siadsan a bheith díreach i gceart mar gurb iad a húsáideadh leis an churach a stiúradh. Bhí eolas cruinn de dhíth fán fharraige fosta, c ’ uair a bheadh iomlán rabharta ann, an mbeadh lag trá ann, c ’ uair a bheadh an sruth ag dul suas nó síos An Mhaol Rua. Smaointigh nach raibh tuar na haimsire, aipeanna, ríomhairí ná gléasanna de shórt ar bith ag daoine le iad a chur ar an eolas fan dóigh le curaigh a thógáil ná iad a láimhseáil ar an fharraige. Foghlaimíodh an cheird agus cuireadh an t - eolas ar aghaidh ó dhuine go duine. Shíl mé go mbeadh sé fóirsteanach ómós a thabhairt dóibhsean uilig a rinne an oiread sin fualaingt agus íobairt ar ár son le cinnte a dhéanamh go raibh plaic le hithe ag ár muintir a chuaigh romhainn. Ba mhinic iad ag streachailt le anás agus anró an tsaoil. Mar sin, le cuidiú ó dhaoine mar Phroinsaí Mac Giolla Bhríde (Dhonnchaidh Mhicheáil) agus Donnchadh (Dinis) Ó Brógáin fuair mé na hainmneacha Gaeilge de na páirteanna uilig de churach Ros Goill agus rinne mé léaráid dóibh. Chuir mé cúpla pictiúir agus giotaí eile eolais isteach sa Brian Mac Lochlainn, Martin Mac Aoidh, Martin Ó Gallchóir, Conchubhair Mac Lochlainn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3