Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 25 Bhí Mánas Mac Pháidín (Mánas Mhichíl) agus Pádraig Mac Giolla Bhríde (Paidí Fenny) ina gcomharsana agus cónaí orthu sa tsraith is airde de thithe Leargán Riach. Bhí aithne leitheadach orthu beirt, chan amháin sa cheantar anseo ach fada i gcéin fosta. Bhí siad beirt iontach gníomhach sa cheantar agus lárnach sa phobal i rith a saoil, go háirithe i gCumann Lúthchleas Gael. Fuair siad bás fá dhá mhí dá chéile, Paidí i mí na Nollag agus Mánas i mí Feabhra. Táthar a gcrothnú go mór. Mánas Mac Pháidín – (Mánas Mhícheáil) Rugadh Mánas Mac Pháidín nó Manás Mhícheáil mar ab fhearr aithne air ar an Ráith in aice le Ráth Maoláin ar an ochtú lá fichead de mhí Dheireadh Fómhair 1944. Mar a tharla go minic i dteaghlaigh a mbíodh clann mhór ann tugadh Mánas go Dubhaigh áit a raibh cónaí ar a athair mór agus a mháthair mhór agus ba an- sin a tógadh é. Dar ndóigh bhí neart páistí fá Dhum- haigh san am sin agus scaifte maith ag siúl ‘na scoile go Doire Chasáin agus d’fhág sin nach raibh easpa cuideachta ar bith ar Mhanás i nDumhaigh. Bhí Dum- haigh san am a raibh Mánas ag éirí aníos ann lán de sheanchas agus de scéalta ón tseanam anall agus bhí na carachtair ina gcónaí ansin fosta a bhí ábalta, lena gcuid samhlaíochta, a gcrot fhéin a chur ar na scéalta seo, cé acu a bhí siad fíor nó bréagach! Cha deachaigh a dhath de seo amogha ar Mhánas! Sa bhliain 1970 phós sé Eibhlín Ní Bhuaidhe as Tullach agus thóg siad seachtar clainne, cúigear girseach agus beirt ghasúr. D’oibrigh Manás agus Eibhlín go dícheallach anseo sa pharóiste áit ar reáchtáil siad dhá shiopa búistéara, ceann sna Dúnaibh agus ceann eile i gCarraig Airt. Le cois siopa búistéara a reáchtáil bhí a gcuid prátaí agus a gcuid glasraí fhéin a dhíol i gcónaí acu sa tsiopa agus bhíodh Mánas le feiceáil luath ar maidin agus mall san oíche ag tabhairt aire dá chuid caorach, go háirithe le linn séasúr na n-uan nuair a bhíodh sé amuigh lena lampa ag coinneáil súil ar chaoirigh a bhíodh i mbéala breith. Char chuir mórán daoine fán cheantar seo an dícheall agus an díogras céanna isteach ina gcuid oibre agus a chuir Mánas. Thug Mánas blianta fada gníomhacha do CLG na nDúnaibh le linn a shaoil agus

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3