Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 26 lena chois sin bhí suim mhór aige fosta i gcúrsaí polaitíochta agus in imirt chártaí. Chan iarrfá de phléisiúr ná a bheith ina chuideachta ar feadh tamaill mar go raibh an seanchas sin ann a thug sé leis óna óige agus bhí sé ábalta tarraingt ar scéalta ag dul siar blianta. Dar ndóigh bhí a chuid scéalta agus a chuid cuimhní ar Dhumhaigh thar a bheith suimiúil agus é ábalta cóta agus craiceann d’achan chineál a chur orthu mar thar aon rud eile bhí féith an ghrinn go smior i Mánas. Char fhág tú a chuideachta ariamh agus tú tromchroíoch mar chan amháin go bhfágadh sé ábhar machnaimh agat ach d’fhágadh sé ábhar maith gáirí agat fosta. Ar an drochuair bhuail tinneas Mánas agus bhí sé ag éagaoineadh le corradh agus bliain; fuair sé bás ar an naoú lá déag d’Fheabhra na bliana seo. Is cinnte go bhfuiltear ag crothnú Mánas go mór fán cheantar agus dhéanfar go ceann fada go leor. Ar dheaslámh Dé go raibh a anam uasal gaelach. Pádraig Mac Giolla Bhríde – (Paidí Fenny) Rugadh Pádraig Mac Giolla Bhríde nó Paidí Fenny mar a bhí aithne air i gcéin is i gcóngar, i gCeann na Leargaí ar Lá ‘Le Stiofáin na bliana 1958. Ba é an chéad duine clainne ag a thuismitheoirí Donchadh agus Máire. Ón am a thosaigh sé ag siúl thart cha raibh a dhath a dhíth air ach bál agus le linn na mblianta sin a raibh sé ag éirí aníos chan fheicfeá é áit ar bith-- ag dul ‘un tsiopa, ag dul ‘na scoile nó go díreach ag siúl an bhóthair gan bál a bheith ina chuid lámh leis. Bhí a shliocht air mar nuair a chuaigh sé isteach sna déaga cha raibh a shárú le fáil i scileanna peile. Bhí Páirc a’ Chrócaigh sa gharraí os comhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3