Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 27 an tí agus is iomaí cath peile a troideadh sa gharraí chéanna – lena dheartháir Dinis, a uncal Paidí agus na comharsana. Is iomaí argóint agus conspóid a bhí ann faoi phointí nach gcuirfí sa chuntas, faoi chiceanna saora nár ceadaíodh agus bhí laethanta ar chríochnaigh cluichí i ruaille buaille -- laethanta soineanta na hóige. Ba le linn an ama seo a chur Paidí faobhar ar a scileanna peile, scileanna a bhí go smior ann ó dhúchas. Chan amháin gur pheileadóir den scoth i bpeil ghaelacha a bhí ann ach bhí sé thar a bheith cumasach ag sacar fosta, cumas a thug go Motherewell é, ach tharla dó mar a tharla do chuid mhaith peileadóirí óga eile, thug cumhaigh ‘na bhaile é. D’imir sé sacar le Gleann Rí, le Creamhghort, le Fern Utd. agus le Fánaid Aontaithe áit ar bhain sé Corn Idirmheánach. Thug sé a shaol do CLG Na nDúnaibh, mar pheileadóir, mar réiteoir, mar choachálaí agus mar bhall den choiste. Bhain sé Craobh Shóisir na Contae i ’77 agus an Chraobh Idirmheánach ’81,’87 agus ’92. Bhain sé Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta i ngrád na Sóisir ’81 agus ’82 agus Sinsir sa bhliain ’83. Bhí sé mar laoch na himeartha i gComórtas na Bliana ’82. Bhí sé mar choachálaí ag foireann Faoi- 16 na Contae in ’91, ag foireann na mionúr a chuaigh go cluiche leathcheannais na hÉireann i ’96 agus le foireann Faoi —21 na Contae i ’90 agus ’91. Nuair a bhí a chuid laethanta peile thart chuaigh sé le réiteoireacht agus chaith sé ceithre bliana déag ag réiteoireacht ar pháirceanna peile ar fud na Contae, áit a bhfuair sé an gradam do réiteoir na bliana sa bhliana 2009. Sna blianta sin go luath i ndiaidh do an pheil a fhágáil ina dhiaidh dhírigh sé isteach ar mharatóin a reáchtáil. Rith sé seacht gcinn déag ar fad – a leithéid d’éacht. Rith sé beirt de na maratóin seo laistigh de sheachtain amháin. Chuaigh an t- airgead uilig a bhailigh sé ‘un sochar do charthannachtaí éagsúla. Le linn an ama seo ar fad d’oibrigh sé go díograiseach agus go dícheallach do CLG Na nDúnaibh, cha raibh rud ar bith a bhí le déanamh róbheag nó rómhór dó agus rinne sé cibé a bhí le déanamh ina dhóigh fhoighneach shuaimhneach fhéin. Phós Paidí a bhean Karen sa bhliain 1980 agus rinne siad cónaí i Leargan Riach, áit a raibh triúr clainne acu-- beirt ghasúr, Pádraig agus Barry agus girseach amháin, sin Aisling. Ar an drochuair bualadh Paidí tinn i lár an Fhómhair, chuaigh sé isteach ‘na hotharlainne ag tús mí Dheireadh Fómhair agus fuair sé bás ar an seachtú lá déag de mhí na Nollag 2018. Táthar ag crothnú Paidí go mór fosta agus is cinnte go ndéanfar go ceann fada go leor. Ar dheaslámh Dé go raibh a anam uasal gaelach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3