Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 3 Nuair a bhí muid inár ngirseachaí óga bhí muid amuigh ar fostú. ‘ Sé ’ n rud a bhí ann ag an am sin, ná, teach ar bith nach raibh páistí ann, rachadh siad go dtí teach ina raibh páistí ann agus ghlacadh siad páiste leofa ar fostú chun an bhuachailleacht agus jabanna beaga eile a dhéanamh dóibh i rith an tSamhraidh. Mhairfeadh an tréimhse fostaíochta sé mhí agus gheofá péire bróg don Gheimhreadh mar íocaíocht. Cha raibh sé ró - olc ag amharc i ndiaidh an eallaigh, ach dá mbeadh bó chrosta agat choinneodh sin gnoitheach thú. Is minic a choinnigh bó chrosta muid mall don scoil. Sa tSamhraidh i nGaoth Dobhair cuireadh na ba síos go Machaire Gathlán agus coinníodh ansin iad ar feadh sé mhí, ó theacht an chéad bhorradh ar an fhéar. D ’ fhágadh daoine a gcuid tithe agus bhogadh siad na ba, na cearca, an madadh,an t - asal agus rud ar bith eile a raibh beocht ann síos cois farraige go dtí na tithe beaga a raibh na fir i ndiaidh ceann tuí muiríní a chur orthu. Thíos cois na trá a bhí ann ceart go leor ach chan Riviera ar bith a bhí ann dóibhsean a bhí ar fostú. Bhí Bríd ar fostú thíos i dteach beag cóngarach don reilig agus chan bréag é a rá gur shaothraigh sí a péire bróg le hallas a coirp. Chuireadh bean a ’ tí, Cití Eoiní a bhí uirthi, Bríd ina suí thart fán sé ar maidin agus bhí uirthi an t - uisce a thabhairt isteach ón tobar, an mhóin a thabhairt isteach agus an chliabh cois tine a líonadh. Ansin rachadh sí amach ag buachailleacht. Cha chreideann páistí an lae inniu go raibh sin uilig déanta roimh ghabháil ‘ na scoile di ar maidin agus gur sin an sórt saoil a bhí ann do pháistí ag an am. Nuair a thiocfadh Bríd na bhaile ón scoil tráthnóna bheadh uirthi an rud céanna a dhéanamh. Creidim le hamharc siar air anois, bhí sé cruaidh go leor ach ag an am níor shíl muid a dhath de mar nach raibh fhios againn a dhath eile. Dá n - iarrfaí ort rud inteacht a dhéanamh, dhéanfá é. Cha raibh sean - chaint ar bith ann ag an am sin, cé gur ghirseach a sheasódh a fód a bhí i mBríd. Is olc an chearc nach scríobann di féin, agus b ’ éigean dúinne bheith inár gcearca cineál óg. Cibé ar bith bhí girseach bheag ar fostú ag Maggie Rua, comharsan béal doras do Chití Eoiní. Caitlín a bhí uirthi agus cha raibh sí a dhath cosúil le mo dheirfiúr Bríd. Girseach bheag, chiúin, fhaiteach a bhí inti ach oibrí maith san am chéanna. Bheadh an bheirt acu ag gabháil na scoile le chéile achan mhaidin agus iad mall de ghnáth. Tháinig sé go dtí an t - am sin den bhliain a raibh siad ag athrú na leabhar. Bhí leabhar beag sums ann ag an am, leoga ní raibh sé ró - dheacair. A haon is a haon a dó, a dó is a dó a ceathair …. Ach bhí luach sé pingine nó réal mar a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3