Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 4 thug muid air, le híoc ar an leabhar agus caithfidh mé a rá go raibh na daoine a raibh Bríd ar fostú acu iontach maith. Thug siad an réal di ach cha dtabharfadh Maggie Rua réal do Chaitlín. Cha raibh a leithéid de rud ann is gabháil na bhaile nuair a bheifeá ar fostú. Achan mhaidin chuaigh Caitlín bhocht na scoile gan an réal agus bhuail an mháistreás í le bata achan lá de thairbhe sin. Tá cuimhne mhaith agam ar an lá a bhí mé i nGaoth Dobhair, b ’ fhéidir fiche bliain ó shin agus bhí mé istigh i dteach Bhríd, mo dheirfiúr. Bhí comhrá breá eadrainn agus achan sórt a phlé againn ach ansin thiontaigh an comhrá go hábhar na fostaíochta agus d ’ inis Bríd an scéal seo domh. Cha dearn Bríd dearmad ariamh den ghirseach bheag nach raibh réal aici. “ A Nan, ” a dúirt sí liom, is í ag cur an citeal ar an sorn. “ Bhriseadh sé do chroí a bheith ag amharc ar an pháiste bheag shoineanta seo ina sheasamh ansin costarnocht agus na lámha beaga fíneálta amuigh aici ag fanacht ar an bhata, ” “ Agus tharla seo achan lá, ” a dúirt mise. “ Tharla, ” arsa Bríd, ach sheas lá amháin amach ó na laethanta uilig eile agus seo mar a tharla sé. “ Is mór an trua nach dtabharfadh Maggie Rua sé pingine duit a Chaitlín, ” arsa Bríd lá amháin agus iad ag tarraingt ar an scoil. “ Cha dtig léi rá nach bhfuil sé tuilte agat. Bhí sí ariamh cruaidh, ach nár inis tú di go bhfuil an mháistreás do bhualadh achan lá. ” D ’ amharc Caitlín ar Bhríd is deor ina súil. “ D ’ inis mé sin do Mhaggie, ” a dúirt sí, “ ach ba chuma léi. ‘ Sé ’ n rud a dúirt Maggie liom, a Bhríd, ná: “ tá sé deacair go leor bia a choinneáil ar an tábla duit mar itheann tú níos mó na fear a bheadh ar an phortach. ” “ Níl croí de shórt ar bith sa bhean sin, ” arsa Bríd, “ ach ná caill d ’ uchtach, a Chaitlín. Tá Dia maith, bhéarfaidh sé réal dúinn dóigh inteacht. Goitse, rachaimid isteach. Tá muid mall go leor. ” Agus chuaigh an bheirt isteach ‘ na scoile. Sheas an mháistreás nuair a chonaic sí iad. “ Ó! Nach maith seo, ” a dúirt sí. “ Tá na buachaillí bó i ndiaidh theacht isteach chugainn. Tosaíonn an rang ag a leath i ndiaidh a hocht ach tagann siadsan isteach am ar bith gur mhaith leofa. Seasaigí suas an bheirt agaibh. Cén t - am atá sé a Chaitlín? ” D ’ amharc Caitlín ar an chlog. “ Tá sé ceathrú go dtí a naoi a mháistreás, ” a dúirt sí. “ Ceathrú go dtí a naoi. Cá háit a raibh tú go dtí an t - am seo den lá? ” arsa an mháistreás. Bhí Caitlín ina seasamh ansin gan focal aisti agus labhair Bríd. “ Bhris an bhó ghorm isteach …..” “ Bí thusa i do thost, ” arsa an mháistreás. “ Nach dtig léi labhairt di fhéin? ” Labhair Caitlín ansin agus tocht ina glór. “ Bhris an bhó ghorm isteach i gcuibhreann Nonni Bhidí, a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3