Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 5 mháistreás. Bó chrosta atá inti agus bhí sé deacair í a fháil amach. ” “ Ó; Dá mbeadh thusa ag déanamh na buachailleachta mar ba chóir duit, cha dtarlódh sin. Agus caidé tharla duitse,a Bhríd? ” “ Bhí mise ag cuidiú léi, ” arsa Bríd. “ Cha raibh dóigh ar bith a bhfaigheadh duine amháin an bhó sin amach. ” Bhí fearg ar an mháistreás fán am seo agus dúirt sí, “ so! Tá muidinne uilig istigh anseo ag obair go dícheallach agus an bheirt agaibhse amuigh ag cearmansaíocht thart mar a bheadh péire giorria ann i dtús an lae i mí Márta. Bígí in am ó seo amach. An dtuigeann sibh mé? ” “ Tuigeann a Mháistreás, ” arsa an bheirt. “ Suígí, ” arsa an mháistreás. “ Anois rachaimid ar aghaidh. Tugaigí amach an leabhar uimhríochta. Anois, an bhfuil an leabhar ag achan duine? Seas suas duine ar bith nach bhfuil an leabhar acu. ” Sheas Caitlín; bhí súile na bpáistí, is iad lán truaighe di, dírithe uirthi mar bhí a fhios acu cad é a bhí le theacht. “ Ó! A Chaitlín. Tusa arís. ” Arsa an mháistreás. “ An bhfuil réal agat? ” “ Níl, a mháistreás, ” arsa Caitlín i gcogar. “ Labhair amach, ” arsa an mháistreás, “ tá muid uilig ag iarraidh tú a chluinstin. ” Labhair Caitlín is í ag caoineadh. “ Níl, a mháistreás. ” Bhí an mháistreás ag scairteadh fán am seo. “ Níl! Sé pingine, sin uilig atá a dhíobháil orm. Réal beag bídeach agus ní thabharfaidh tú é isteach chugam. Tabhair bata domh, a Mháire. ” Thug Máire slat caol di. Cha ghlacadh an mháistreás é uaithi. Bhí i gcónaí cúpla slat sailí sa tseomra aici agus d ’ iarr an mháistreás ar Mháire ceann tiubh a roghnú. “ Tá bata tiubh a dhíobháil orm le ciall a chur isteach I gcloigeann ramhar. Anois a ghirsigh, ” a dúirt sí. “ Cuir amach do lámh. Tá réal a dhíobháil orm an dtuigeann tú sin?Tabhair freagair orm. ” “ Tuigim a mháistreás, ” arsa Caitlín. “ Bhail, ” arsa an mháistreás, “ cuideoidh seo leat é a thuigbheáil níos fearr, ” agus bhuail sí an créatúr bocht. Ag gabháil ‘ na bhaile dófa tráthnóna dúirt Caitlín nach raibh sí ag iarraidh dhul na scoile an lá dár gcionn. “ Chan iontas ar bith sin, ” arsa Bríd, “ tá eagla ormsa roimh an bhata fosta. ” “ Chan ea an bata an rud a chuireann isteach orm ar chor ar bith, a Bhríd, ” arsa Caitlín. “ Ach tá mé náirithe i mo sheasamh os

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3