Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 6 comhair an ranga achan lá as siocair nach bhfuil sé pingine agam. ” Agus le sin, sula bhfuair Bríd deis labhartha chonaic sí cnag ina luí ar an talamh. “ Caidé seo, a Chaitlín? ” a dúirt sí, agus í ag tógáil an chnaig. “ Is cnag úr atá ann. Nach bhfuil sé galánta? ” “ Taispeáin, ” arsa Caitlín agus thug Bríd an cnag di. “ Níl marc de chineál ar bith air. Déarfainn nár buaileadh an cnag seo ariamh le bata. ” D ’ amharc sí thart ach cha raibh fear nó bean le feiceáil. “ B ’ fhéidir go mbeadh duine éigin a chuartú. ” “ Arú amaidí, ” arsa Bríd. “ Duine ar bith a bhuailfeadh cnag amach an fhad seo char chóir do bheith ag imirt gailf. Ach sin ráite, nach mbeadh sé maith dá dtiocfadh fear amach thuas ar an aird ansin, b ’ fhéidir go dtabharfadh sé rud éigin dúinn fá choinne an chnaig. Bheifeá ábalta an leabhar a fháil. ” Bhí an citeal ag goil fán am seo agus choinnigh Bríd léi ag insint an scéil agus í ag doirteadh an uisce isteach sa taephota. “ Chan ag magadh atá mé, a Nan, ” a dúirt sí, “ ach caithfidh go raibh Dia ag amharc anuas orainn an lá sin mar cha raibh na focla amuigh as mo bhéal nuair a chonaic muid bodach mór ag tarraingt orainn. ” “ Whist, ” arsa Caitlín, “ amharc seo galfaire ag teacht. ” Bhí sé gléasta i gculaith bhréidín agus hata deerstalker ar a chloigeann. Bhí píopa ina bhéal, mála gailf ar a ghualainn agus thiontaigh sé uainn is é ag glacaint an aicearra chuig an chlubtheach le dul amach fá choinne cluiche. “ Imigh anonn chuige agus tabhair an cnag dó, ” arsa Bríd le Caitlín. “ Cha dtiocfadh liom. Níl Béarla ar bith agam, ” arsa Caitlín. “ Arú déan deifre, ” arsa Bríd léi. “ Níl Béarla ar bith agamsa ach oiread. Amharc, tá sé ag imeacht. ” Cha raibh bogadh as Caitlín. “ Tabhair domh an cnag, ” arsa Bríd, ” agus rith sí anonn chuig an fhear agus shín sí amach an lámh ina raibh an cnag. Thóg an fear an cnag agus rinne sé scrúdú air. Ansin chuir sé é isteach ina mhála, thóg sé réal as a phóca, thug sé é di agus d ’ imigh sé leis. D ’ amharc Bríd ar an réal ina lámh agus chuir sí paidir buíochais chun na flaithis. “ Amharc, a Chaitlín, ” a dúirt sí. “ Píosa sé pingine. Luach an lea- bhair. Nár inis mé duit. Seo chugat. ” Shín sí an réal chuig Caitlín ach char ghlac sí é. “ Is leatsa an réal, a Bhríd. ” “ Arú stad den amaidí, a Chaitlín, ” arsa Bríd, agus thug sí an réal di. “ Amharc, a Bhríd, ” arsa Caitlín, “ Ó nach bhfuil sé galánta. 1924, Amharc tá líne gearrtha ann. ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3