Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 7 “ Tá, ” arsa Bríd. “ Anois, a Chaitlín cibé cad é a dhéanas tú, ná caill é. ” Maidin lá arna mhárach rith an bheirt acu isteach na scoile su- lar thosaigh an rang. “ Tugaigí amach an leabhar uimhríochta, leathanach 26,” arsa an mháistreás. “ An bhfuil an leabhar ag achan duine? ” Chuir sí a droim leis an rang is í ag glanadh an chláir - dubh. “ Seas suas duine ar bith nach bhfuil an leabhair aige nó aici. ” Sheas Caitlín. Thiontaigh an mháistreás. “ Tusa arís. An bhfuil sé pingine agat? ” a scairt sí. “ Tá a mháistreás, ” arsa Caitlín. “ A Mháire, tabhair domh an bata ….. Caidé a dúirt tú? ” arsa an mháistreás le hiontas. “ Tá an sé pingine agam a mháistreás, ” arsa Caitlín agus cha raibh páiste eile sa rang sin nach raibh lúcháir an domhain air nó uirthi. Chan amhlaidh a bhí sé leis an mháistreás. Thóg sí an réal, Chuir sí é ar an deasc agus thug sí leabhar do Chaitlín. “ Ceart go leor. Tosóidh muid. A naoi fá haon a naoi, a naoi fá dó a hocht déag, a naoi fá trí …..” Bhí Bríd ag cur amach an dearna cupa tae dúinn fán am seo. “ Shílfeá, ” a Nan, a dúirt sí liom, “ gur seo deireadh an scéil ach chan amhlaidh a bhí sé, agus lean sí ar aghaidh leis an scéal. “ Bhí muid ag gabháil fríd táblaí a naoi, tá a fhios agat fhéin. A naoi fá naoi ochtó a haon, a naoi fá deich nócha, nuair a tháinig fear isteach agus pandaí beag leis. ” “ Gabh mo leithscéal a mháistreás, ” a dúirt sé. “ Seo pandaí beag bainne fá choinne an cocó daoibh. ” Ba ghnáth leis na páistí cupa cocó a fháil ag am lóin. Bhí lá fada ag páistí scoile ag an am sin, go háirithe ag ranganna ceathair, cúig is sé. Thosaíodh siadsan ag a hocht ar maidin agus ní ligfí amach an geafta iad go dtí ’ n ceathair tráthnóna. “ Ó ” Go raibh maith agat a Charlie, ” arsa an mháistreás. “ Cá mhéid atá agam le tabhairt duit. Char dhíol mé thú le fada. ” “ Tá scilling agus sé pingine le fáil agam, a mháistreás ” arsa Charlie. “ Socróidh sin é. Cén uair atá an scoil ag druidim don Samhradh? ” D ’ amharc an mháistreás ar a féilire. “ Tá seachtain go leith fágtha go fóill againn, agus léir oibre le déanamh sula mbriseann muid. Anois, cá bhfuil mo mhála? ” “ Bhuel, má tá duine ar bith ábalta an obair sin a dhéanamh is tusa an duine sin. Caidé mar atá Máire Bheag ag fáil ar aghaidh? ” Bhí an mháistreas ag amharc isteach ina mála agus dúirt sí. “ Máire? Ó is duine beag múinte dícheallach atá inti. Thig leat a bheith bródúil aisti ” “ Is maith sin, agus déarfainn go bea páistí múinte dícheallach atá
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3