Guth Ghoill, Eagrán 62

Eagrán 62 Aibrean 2019 8 iontu uilig, ” arsa Charlie. ” D ’ amharc an mháistreás ar Chaitlín agus dúirt sí le Charlie, “ an chuid is mó acu. ” “ Arú na créatúir, ” arsa Charlie. “ Bainigí sult as na laethanta seo mo chairde beaga, mar is iad seo na laethanta is fearr a bhéas agaibh. ” “ Tá mé cinnte, a Nan ”, arsa Bríd liom, “ go raibh Caitlín bhocht ag rá léi fhéin, ‘ más iad seo na laethanta is fearr a bheas agam tá drochshaol amach romham ’ Tá lúcháir orm a rá libh nach hamhlaidh a bhí sé le Caitlín ach tiocfaidh muid ar ais chuig sin. ” “ Nach bhfuil mé i dtólamh ag insint sin dóibh, ” arsa an mháistreás. “ Má d ’ inis an mháistreás céanna sin dúinn, ” arsa Bríd liom, “ bhail, char chuala mise í. ” Cibé ar bith, “ Seo chugat scilling, ” arsa an mháistreás le Charlie, “ cha shílim go bhfuil briseadh ar bith eile agam – ó fan bomaite. ” Chuaigh sí go dtí ’ n deasc agus thóg sí réal Chaitlín. “ Seo an sé pingine agat fosta, a Charlie. ” Ghlac Charlie é agus dúirt sé, “ Go raibh maith agat. Slán leat agus slán libhse, a pháistí. ” “ Cha dtáinig slán ar bith ar ais ó na páistí, ” arsa Bríd liom. “ Chan rud é nach raibh dúil againn i Charlie an bhainne, mar bhí. Fear deas cineálta a bhí ann, ach cha raibh cead againne ár mbéal a fhoscailt gan cead na máistreása. Sin an tuige nár dhúirt muid slán agus taispeánann sin an cineál smachta a bhí aici orainne. ” “ Abraigí slán le Charlie, ” a dúirt sí linn. “ Slán a Charlie, ” a scairt muid uilig amach. “ An bhfuil cupa eile tae a dhíobháil ort, a Nan? ” arsa Bríd liom. “ Leoga níl, ” a dúirt mé léi. “ Tá mo sháigh agam. Lean ar aghaidh leis an scéal. ” “ Bhail, seo mar a tharla sé, a Nan, ” a dúirt sí. “ Ag gabháil ‘ na bhaile dúinn labhair Caitlín liom. ” “ Ó a Bhríd. Nach bhfuil an leabhar beag galánta, agus is liomsa é. Is é seo an chéad uair a thiocfadh liom sin a rá fá leabhar ar bith. ” “ An créatúr, ” arsa Bríd liom. “ Cha raibh aici ach leabhar beag sums agus shílfeá go raibh coróin Bhanríon Shasana ina lámh. ” Shiúil siad leo siar an bóthar agus lúcháir ar an bheirt. “ Ní bheidh an leithscéal sin aici ó seo amach le tú a bhualadh, ” arsa Bríd le Caitlín. Labhair Caitlín le tocht ina glór. “ Ní bheidh. Go raibh maith agat, a Bhríd. ” “ Cha dear mise a dhath, ” arsa Bríd. “ Cibé cén áit a dtáinig an fear sin amach as. Bronntanas ó na flaithis a bhí ann. ” “ Is dóiche. Bhí rud éigin fán réal sin, ” arsa Caitlín. “ Cha raibh píosa sé pingine i mo lámh agam ariamh roimhe sin. ” Chuala Bríd duine inteacht ag scairteadh agus d ’ amharc an bheirt acu thart. Chonaic siad Charlie an bhainne ag rith ina dtreo agus a chuid bó ina táinrith roimhe.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3