Guth Ghoill, Eagrán 62
Eagrán 62 Aibrean 2019 9 “ Tá na ba ag briseadh ar shiúl uaidh, ” arsa Caitlín. “ Tá, ” arsa Bríd, “ goitse caithfidh muid cuidiú leis. “ Ceap aníos iad. Ná lig dófa scaipeadh, ” a scairt Charlie leo. Bhí Bríd agus Caitlín breá cleachtaithe a bheith ag obair le hainmhithe agus cha raibh deacracht ar bith acu stad a chur leis an rása. “ Maith sibh, ” arsa Charlie. “ Coinnígí leofa go bhfosclóidh mé an geafta seo. ” Chuir siad na ba Isteach sa pháirc agus dhruid Charlie an geafta. “ Bhuel, buíochas le Dia ar son sin ” arsa Charlie. ” Ach ab é sibhse bheadh siad scaipthe ar fud na tíre orm. Caor thineadh ar an mhadadh úr sin atá agam. Bheadh sé chomh maith agam gamhain óg a bheith liom. Is maith sibh. Seo, fan go bhfaighidh mé cúpla pingin daoibh. Lorda! Nach bhfuil briseadh ar bith agam. Ó, seo chugat a Chaitlín. Sin pá mhaith fá choinne na h - oibre. Ceannaígí milseáin daoibh fhéin. Slán. ” D ’ imigh Charlie leis agus d ’ fhág sé Caitlín ag amharc le hiontas ina lámh. “ Mo réal, ” a dúirt sí. “ Tháinig sé ar ais chugam. Amharc ar an mharc sin. ” “ Taispeáin, ” arsa Bríd. Ó, tá an ceart agat. Amharc ar an líne sin. Agus tá an dáta céanna air 1924. Nach bhfuil sin go hiontach! ” “ Tá ceart go leor, ” arsa Caitlín, “ ach is leatsa leath dó a Bhríd. Rachaimid suas go dtí an tsiopa agus brisfidh mé é. ” “ Cha ndéanann tú a dhath den tsórt, ” arsa Bríd léi. “ Bheadh na milseáin ite againn roimh am luí. Ach ma choinníonn tusa an réal beidh sé agat go deo agus le cuidiú Dé bronnfaidh sé ádh ort. ” “ Go raibh maith agat, a Bríd, ” arsa Caitlín. “ Déan dearmad dó, ” arsa Bríd. Anois, goitse go gasta anois. Tá obair le déanamh againn. ” “ Bhail anois, ” a dúirt mé le Bríd, “ sin scéal nach ndéanas mé dearmad de. ” “ Caithfidh críoch a bheith ar achan scéal, ” arsa Bríd is tharraing sí réal amach as a póca. “ Seo chugat,
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3