Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 10 Slad na Sionnaigh. Tá an dúiche go léir iontach buíoch de Dháibhí Alec Mac Giolla Ionaid (Davy Alec) as an Mhíobhaí Íochtarach. É ag tarraingt ar aois an tseanphinsean agus naoi madadh rua agus broc ‘trapailte’ aige le cúpla mí. Bhí trí scór go leith sicíní ag a dhuine muinteartha, Riobard, ach níl fágtha anois aige ach seacht gcinn déag! Ar Slabhradh le Súilíní. Tá na molltraí súilíní agus glasáin a dtabhairt isteach ag iascairí slatach thart fá chósta Ros Goill go h- áirid thíos fá’n Dumhaí agus an Meall Mór. Ní cuimhneach le aon duine fán cheantar oiread éisc a fheiceáil san fharraige – agus méid ar dóigh iontu fosta. Dóbair don Chruach Titim. Bhí cruach fhéir le Stiophán Bhrianí leath-leagtha ar fiar i ndiaidh an mhillteanais gaoithe móire a bhí ann ar na mallaibh. Ach ní raibh Dónal Beag Ó Dochartaigh i bhfad ag tabhairt lámh chuidithe dó leis an chruach a dhíriú arís. Beirt a bhfuil fios a gceirde acu! ‘Debbie’ Caíoch. Tá muid uilig buartha thart fán chompal seo fán damáiste a rinne Hurricane Debbie ar na mallaibh, í ag siabhadh 110 míle san uair. Ach go háirithe fán Yacht bhreá bhán a chosain chóir ceithre mhíle punt do Mhajor Bevan, sealbhaí na Dundalk Breweries. Tá sí ina conablach faoi thoinn agus, lena chois sin, fuíollach na naoi gcarabhán nach bhfeicfear ‘choíche ar rothaí arís. Pósadh Mháire Nic Fhionghaile. Bhí spéis ar dóigh ag achan duine fán cheantar seo ins an bhainis dhúbailte a comóradh i gCnoc Fola tamall ó shoin — nuair a pósadh Máire Nic Fhionghaile (a bhíodh ag obair in Óstán Charraig Airt) ar Shéamus Mhac Lochlainn as an Ghleann. Pósadh a deirfiúr an mhaidin chéanna ar Phil Bán Ó Baoill as Árainn Mhóir – corradh mór is céad ag bricfeasta na bainise in Óstán Shandon i bPort na Bláiche. Fad saoil don dá lánúin. Míorúiltí Lourdes. Fáilte chun an bhaile roimh Bhríd Bríd Mhic Eiteagáin & Síle Mhic Pháidín Davy Alec Mac Giolla Choinnigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3