Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 11 bean Jimí Antoin Mhic Eiteagáin as an Mhuirleog agus Síle Bean Mhic Pháidín as Doire a’ Chasáin. Míorúiltí Dé a thug slán beo iad as an eitleán sin a tháinig anuas fá thubaiste ag Aerphort Bhaile Átha Cliath ar a bealach as Lourdes. Mar deirtí i bhfad ó shoin, ‘ Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige’. Ag ‘ringeáil’ scadán Tá Séarlaí Mac Giolla Chearra ar leis ‘Pride of Ros na Cille’, tá sé fhéin agus na Dúganaigh as Ceann Caslach thiar fá Oileán Acaill le cúpla seachtain --- an dá bhád ag ‘ringeáil’ scadán, agus ádh éisc ar dóigh orthu de réir mar chluinimid; ach nach bhfuil luach ar bith is fiú orthu! ‘Ridirí’ an Round Table. Bhí bunadh na nDúine iontach uaigneach agus cumhaiúil ó d’imigh an mhórchuid den lucht cuairte uainn. Ach fuair muid faoiseamh ag deireadh na seachtaine nuair a bhí na hóstáin go léir lán go doras arís. Chomhair trí chéad de ‘Ridirí an Round Table’ a tháinig chugainn as na Sé Chontaethe. Dream de lucht -tráchtála atá iontu — cosúil le muintir an Rotary Club ach go bhfuil siad seo uilig faoi dhaichead bliain d’aois. ‘Char dhruid Dia doras ariamh nár fhoscail sé ceann eile’ !! Sin blaiseadh beag de na himeachtaí a bhí ag dul ar aghaidh fán cheantar chóir a bheith trí fichid bliain ó shin. Teangacha an Domhain. Agus muid ag caint faoi theangacha, seo roinnt pointí faoi theangacha an Domhain. Sa bhliain 2001 bhí ar a laghad 6,912 teanga éagsúil a labhairt ar fud an domhain mhóir. Measann a lán teangeolaithe (linguists) nach mbeidh ag deireadh an chéid seo, fán bhliain 2101, ach leath na dteangacha seo a labhairt. Sa bhliain 2005 bhí 204 teanga a raibh níos lú ná deichniúr duine ina bpobal ag labhairt na teangan sin. Bhí 344 teanga eile a raibh níos lú ná 99 duine ina bpobal ag labhairt na teangan. De réir mar a gheobhann na daoine seo bás beidh na teangacha sin ag meath agus ag cúngú go dtí nach mbeidh duine ar bith fágtha ag labhairt na teangan sin. De réir na saineolaithe fosta tosaíonn bás agus meath teanga de thairbhe leatrom a dhéantar go polaitiúil nó go sóisialta in éadan teanga nó lucht a labhartha. Cá seasann an Ghaeilge le seo ar fad? Pride of Ros na Cille
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3