Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 12 Titeann an Fómhar ar an chéad lá de Lúnasa agus maireann sé go dtí an lá deireanach de Dheireadh Fómhair. Is am deas den bhliain é an Fómhar. Bíonn na laethanta ag éirí níos giorra agus na h - oícheanta ag éirí níos faide. Bíonn dreach galánta ar an ghealach ag an am seo den bhliain agus nuair a bhíonn an ghealach lán bíonn sé chomh geal san oíche agus a bheadh sé i lár an lae. Gealach na gConlach a bheirtear ar an ghealach seo. Seo an t - am den bhliain a mbíonn an coirce ag aibiú agus réidh le gearradh. Is fíor le rá nach bhfuil mórán coirce curtha sa lá ata inniu ann ach bhí am ann a raibh píosa beag coirce curtha ag achan fheirmeoir mar go raibh tábhacht mhór ag baint leis an choirce i bhfad ó shin. An t - aon dóigh a bhí acu leis an choirce a ghearradh i bhfad o shin ná le speal. Nuair a bhíodh fear ag gearradh an choirce le speal ghlacfadh duine inteacht bata a bheith acu agus an coirce a chruinniú suas roimh an speala- dóireacht. Rodall a thugtar ar seo. Bheadh duine no beirt ag tógáil an choirce i ndiaidh na spealadóireachta, chuirfí cúpla ultach beag ar mhullach a chéile agus dhéanfaí é a cheangal le beilt a dhéanfaí amach as an choirce fosta agus bheadh sopóg agat ansin. Bheadh an coirce níos furasta a ghearradh dá mbeadh faobhar maith ar an speal agus de thairbhe sin bheadh clocha faobhar maithe ag an spealadóir le cinnte a dhéanamh go mbeadh an speal deas géar i rith an ama. Bheadh an chloch fhaobhair fágtha sa tsopóg chéanna ag cionn an chuibhrinn sa dóigh is go mbeadh sé furasta í a fháil mar go mbeadh sé ag cur faobhair ar an speal go minic. Corruair d ’ fhéadfadh sé go mbeadh driseog no bfhéidir cúl faiche fríd a ’ choirce agus dá stróicfeá nó dá ndófá do lámh luath ar maidin bheadh lá fada romhat. Obair mhaslach a bhí ann ag ceangal choirce agus tú ag coinneáil suas le spealadóir maith agus bhí sé breá docharach ar do dhroim mar go mbeifeá cromtha an chuid is mó den am. Sin cad chuige a gcuirfeá an chloch fhaobhair i bhfolach i sopóg eile i ngan fhios don spealadóir dá mbeifeá ag cuartú scíste beag mar go mbeadh am caite ansin a cuartú. Sa tráthnóna dá mbeifí ag teacht cóngarach don chlaí bheadh achan nduine ag insint duit súil a choinneáil amach don chailleach ach cha raibh sí le feiceáil go fuarasta sin. Nuair a bheifí réidh ag ceangal gheobhfaí an ráca ansin agus chruinneofaí suas

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3