Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 13 ceannóga ar bith a bheadh ina luí thart. Ansin dhéanfaí na sopóga a thógáil agus chuirfí ceathrar acu ina luí in éadan a chéile, dhéanfaí iad a cheangal le beilt choirce agus bheadh stuca déanta agat ansin. Bheadh ort na sopóga uilig a thógáil ansin agus stucaí a dhéanadh astu uilig agus fosta bheadh sé an - tábhachtach ar fad na stucaí a bheith ina líne díreach. Chaithfeá bheith cinnte agus an sníomh a bheadh ar an bheilt a thiontú isteach sa dóigh agus nach dtarraingeodh sé an t - uisce dá mbeadh fearthainn ag titim. Dá mbeadh aimsir thirim ghrianmhar ann thiocfadh leat cruach choirce a dhéanamh as na stucaí uilig i ndiaidh coicíse nó na mar sin ach dá mbeadh an aimsir briste bfhéidir go mbeadh agat leis na stucai a athrú nó corruair bheadh agat le cúpla stuca a chur le chéile agus huts a dhéanamh astu sula mbeadh siad tirim go leor le cruach a dhéanamh astu. Sula dtosófá ar chruach a dhéanamh chaithfeá lód aitinne a fháil ar dtús agus ciorcal a dhéanamh astu ar an talamh sa dóigh is nach mbeadh na sopóga ar an talamh agus ba iarracht a bhí anseo fosta leis na francaigh a choinneáil as an chruach. Ansin chuirfí na sopóga ar mhullach na haitinne agus leantfaí an ciorcal thart timpeall ag coinneáil an coirce isteach i dtreo an láir go sroichfí thart fá leath bealaigh agus ansin thiontófaí na sopóga thart an dóigh eile ach choinneofaí an coirce i dtreo an láir i rith an ama, seo an dóigh leis an chruach a tharraingt isteach go dtí nach mbeadh ach sopóg amháin fágtha ar a mullach. Tá an chruach choirce tógtha ansin agus da mbeadh stuca feagacha agat thiocfadh leat díon a chuir ar an chruach ansin agus bheadh sí réidh don mhuileann. Corruair da mbeadh an muileann mall agus gan fodar ar bith fághta ghlacfá cúpla sopóg a tharraingt as an chruach agus iad a bhuaileadh istigh sa scioból leis an súiste ach chan rómhinic a tharlódh seo. Bheadh lá mór ar an bhaile nuair a thiocfadh an muileann leis an choirce a bhuaileadh. Bheadh na fir

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3