Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 14 uilig ón bhaile ag obair mar mheitheal leis an mhuileann, agus d ’ fhanfadh siad leis an mhuileann go mbeadh achan chruach ar an bhaile buailte acu. Beirt ar an mhuileann, duine acu ag gearraidh an bheilt agus duine eile ag cur na sopóga fríd an mhuileann, fear eile ar an chruach ag caitheamh suas na sopóga le gabhlán, fear nó beirt ag amharc i ndiaidh an chocháin agus cúpla duine ag amharc i ndiaidh na málaí coirce. Ach bheadh lear daoine ag cur I gcéill go raibh droim nimneach acu mar go raibh na málaí coirce an - trom ach nuair a gheobhadh siad scairt go raibh an tae réidh cha bheadh mórán ciotach lena ndroim. Bheadh go leor coirce fán áit anois agus mar a dúirt mé ag tús bhí tábhacht mhór ag baint leis an choirce. Tosaíonn na cearca ag breith uibheacha nuair a gheobhann siad an coirce; bíonn an capall breá ábalta fa choinne a chuid oibre nuair a gheobhann sé gopainn choirce agus bíonn an t - asal breá ábalta don phortach nuair a gheobhann sé an coirce fosta agus le mála plúr sa choirnéal cha bheadh ganntanas ar bith. Cha bheadh iomrá ar bith anois ar na lámha bochta a strócadh ar na driseoga nó a dódh le cúl faiche, ag ceangal an choirce nó ag cleasaíocht ar an spealadóir tré bheith ag cur na cloiche faobhair i bhfolach air. Leora is dóiche nach mbeidh mórán iomrá ar scéalta mar seo roimh i bhfad ach oiread.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3