Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 15 Rinne na Dúnaibh an turas fada síos go Baile Bhúirne in Iarthar Chorcaí do Chomórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2003 áit a bhfuair Lios Póil an bhuaidh orthu sa chluiche leath cheannais. Rinne siad an turas fada céanna arís go Baile Bhúirne sa bhliain 2016 agus is cinnte go dtug siad sárthaispeántas sa chluiche ceannais agus iad in éadan Rinn Mhaoile na Gaillimhe nuair a bhí buaidh de thrí phointe acu, rud a chiallaigh go raibh Corn Peile na Gaeltachta i ngrád na Sóisir buaite ag an chumann don tríú uair. Bhí bearna de cheithre bliana déag agus fiche druidte acu ón uair dheireannach a bhuaidh siad é sa bhliain 1982. D’éirigh leo cur le seo anu- raidh, ar a bhfód dúchais fhéin anseo sna Dúnaibh, nuair a bhuaidh siad an comórtas don ceathrú uair, iad ag fáil an bhuaidh sa chluiche ceannais ar a gcomharsa béal dorais Gaeil Fhánada. Ach i mbliana bhí ar na Dúnaibh turas fada a dhéanamh ó dheas arís, an turas ab fhaide dóibh, go dtí seo, sa chomórtas, sin turas go Corca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí. Ceantar álainn atá i gCorca Dhuibhne atá suite ar an chósta siar ón Daingean, tírdhreach macasamhail ceantar Ros Goill agus pobal lách gaelach, daoine a bhfuil a gcroí sa pheil Ghaelach, sa chultúr agus sa teanga. Rinne foireann na nDúnaibh an turas fada seo ar bhus, ag fágáil na Dúnaibh ar an Aoine i dtrátha aon déag a chlog. Bhí cúpla sos acu ar an bhealach, i Sligeach agus in Áth Dara, Co. Luimní, áiteacha a bhfuair siad greim le hithe chomh maith le scíste. Shroich siad Corca Dhuibhne mall tráthnóna; bhí a dteach lóistín i nDaingean Uí Chúis corradh agus cúig mhíle ó Ghallarús, an
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3