Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 16 áit a raibh an comórtas ar siúl. Bhí dhá pháirc socraithe don chomórtas peile, bhí an príomh pháirc i nGallarús macasamhail páirc peile na nDúnaibh mar go raibh sí suite in aice na trá. Bhí an dara páirc cúpla míle soir an bealach mór. Bhí an mí-ádh ceart orthu de thairbhe nach raibh an aimsir thar mholadh beirte agus thuig bunadh na nDúnaibh ón bhliain anuraidh chomh tábhachtach agus atá an aimsir nuair a bhíonn comórtas peile na Gaeltachta a reáchtáil. Bhí báisteach furmhór an ama thíos i gCorca Dhuibhne le linn an deireadh seachtaine agus gaoth láidir lena chois agus cé gur chuir seo isteach ar chaighdeán peile na gcluichí is cinnte nár chuir sé isteach mórán ar spiorad an chomórtais mar rinne na sluaite freastal ar na cluichí agus ar an siamsaíocht san ollphubal. Na Cluichí. Bhí a gcéad chluiche ag na Dúnaibh ar an dara páirc maidin Dé Sathairn in éadan an Seanphobal as Co. Phort Láirge. Bhí barúil mhaith ag bainistíocht na nDúnaibh nach mbeadh an Seanphobal róláidir agus sin mar a bhí. Bhí buaidh mhór ag na Dúnaibh, an scór ag deireadh ná 6-17 ag na Dúnaibh agus 0-7 ag an Seanphobal.Thiocfaí a rá go fírinneach go raibh na Dúnaibh ar a gcomhairle fhéin ó thús go deireadh an chluiche. Bhí Lorcán Ó Conchúir mar phríomscórálaí le 3-7, Eric Mac Róibín 2-4, Caoimhín Ó Dochartaigh, 1-2, Séamus Mac Giolla Bhríde, 0-2, Gary Bán Mac Laifeartaigh 0-1 agus Caolán Mac Rodaigh 0-1. Ach bhí an cath ba chruaidhe sa chomórtas le theacht, ba sin an cluiche leathcheannais in éadan Chill Chomain, Mhuigheó, bhí an cluiche seo socraithe don Domhnach. Chuaigh clú Chill Chomain rompu mar go raibh an gháir amuigh orthu go raibh foireann láidir leo agus go raibh rún daingean acu an comórtas a bhaint. Foireann peile na nDúnaibh a bhuaidh Comórtas Peile na Gaeltachta i ngrád na Sóisir.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3