Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 17 Cluiche Leathcheannais. Cé gur laghdaigh an fhearthainn bhí gála réasúnta láidir gaoithe ag séideadh agus bhí an ghaoth láidir seo i gcuid seolta na nDúnaibh don chéad leath ach mar a tharlaíonn go minic glacann sé tamall ar fhoireann socrú, fiú le comhar láidir gaoithe. Sin mar a tharla do na Dúnaibh sa chéad leath seo, bhí deacrachtaí go leor acu a máistreacht ar an pháirc a chur ar chlár na scóranna agus lena chois sin d’éirigh le Cill Chomáin a gcuid scóranna fhéin a fháil, cúl maith san áireamh.Ag leath am bhí bearna de chúig phointe idir na foirne: 1- 6 ag na Dúnaibh agus 1-1 ag Cill Chomáin. Bhí amhras ar chuid mhaith de lucht tacaíochta na nDúnaibh nach mbeadh go leor sa 5 phointe le iad a thabhairt go dtí an cluiche ceannais. Bheadh an ghaoth i ndroim Chill Chomáin anois don dara leath agus is cinnte go raibh sí ag treisiú.Ach sheas na Dúnaibh an fód go cróga agus ba sa dara leath seo a d’imir na Dúnaibh an pheil ab fhearr a d’imir siad don deireadh seachtaine; thug siad sárthaispeántas agus chríochnaigh siad an cluiche agus ceithre phointe idir na foirne. Bhí cosantóirí na nDúnaibh thar barr agus rinne na tosaithe obair éifeachtach ag cruthú agus ag fáil scóranna. Na Dúnaibh 2-9 Cill Chomáin 2- 5. B’iad scórálaithe na nDúnaibh sa chluiche seo ná: Caolán Mac Rodaigh 1-3, Eric Mac Róibín 1-2 agus Lorcán Ó Conchúir 0-4. Bhí na Dúnaibh anois breá dóchasach ag dul isteach sa chluiche ceannais ar an Luan. Cluiche Ceannais. Cha raibh an brú céanna ar fhoireann na nDúnaibh sa chluiche ceannais mar a bhí orthu sa chluiche leathcheannais. Béal Atha Na Dúnaibh faoi bhrú in aghaidh Chill Chomáin Na Dúnaibh ar an ionsaí in aghaidh Chill Chomáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3