Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 18 an Ghaorthaidh a bhí mar chéilí comhraic acu ach cha raibh siad chomh cumasach le Cill Chomáin. Bhí an ghaoth ann arís cé nach raibh sí chomh láidir leis an lá roimhe sin agus bhí sí i ndroim na nDúnaibh don chéad leath. Bhain na Dúnaibh úsáid mhaith as comhar na gaoithe agus bhí siad sé phointe ‘un tosaigh ag leatham agus an chosúlacht air go raibh siad ar a mbealach chun craobh sóisir na Gaeltachta a thabhairt ó thuaidh leo don dara bliain as a chéile. B’é an scór ag leatham ná: Na Dúnaibh 2 -6 Béal Atha an Ghaorthaidh 1-3. Char athraigh an scéal móran le linn an dara leatha, bhí lámh an uachtair ag na Dúnaibh agus iad ar a gcomhairle fhéin. Char chuir Béal Atha an Ghaorthaidh ach pointe amháin lena scór leatham agus d’éirigh leis na Dúnaibh sé phointe eile a chur ar chlár na scóranna, rud a d’fhág an scór ag deireadh Na Dúnaibh 2 -12 Béal Atha an Ghaorthaidh 1-4 B’iad scórálaithe na nDúnaibh sa chluiche ceannais ná: Lorcán Ó Conchúr 0-5, Caolán Mac Rodaigh 1-0,Alan Pasoma 1-0 Eric Mac Róibín 0-3 agus Seaghán Ó Buaidhe, Dónal Mac Giolla Bhríde, Caoimhín Ó Dochartaigh agus Shay Mac Giolla Chomhaill pointe an duine. Ba mhór an lúchair, ríméad agus mórtas cine a léirigh peileadóirí agus bunadh na nDúnaibh i ndiaidh an chluiche agus cé go raibh siad na céadta mile ó dheas cha raibh a dhath eile ar a n-intinn anois ach aghaidh a thabhairt ar an bhaile. Bheartaigh siad fágáil go luath i ndiaidh an chluiche, an turas fada a chur díobh agus a bheith sa bhaile go luath i ndiaidh an mheánoíche. Agus sin go díreach mar a tharla. Cosúil mar a bhí sé dhá bhliain roimhe sin bhí na tinte cnámh a lasadh mall san oíche le fáilte a chur roimh na laochra buacacha. Bhí slua mór rompu nuair a shroich siad na Dúnaibh agus cuireadh fearadh na fáilte roimh an Shay Mac Giolla Chomhaill agus cúigear de peileadóirí Chill Chomáin sna sála aige

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3