Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 19 fhoireann agus a bhfoireann bainistíochta. Níl amhras ná go raibh craic, ól agus ceol sa bharra beag a mhair go maidin! Chuirfeadh sé i do cheann an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na nDúnaibh a bhain Comórtas Peile na Gaeltachta don chéad uair ocht mbliana déag agus fiche roimhe sin agus a rinne an turas ó Chois Fharraige na bhaile agus a shroich na Dúnaibh timpeall an ama chéanna. Cá dtéann na blianta? Seo glún eile de pheileadóirí óga cumasacha agus cé déarfadh nach bhfeicfeadh muid an comórtas Sinsir a thabhairt ar ais anseo fá cheann cúpla bliain eile. Roghnaíodh foireann ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019 agus ba mhór an onóir é don chumann go raibh beirt as na Dúnaibh roghnaithe ar an fhoireann sin – ba sin Garry Bán Mac Laifeartaigh mar leathchúlaí ar dheis agus Lorcán Ó Conchúr sa líne lánthosach ar chlé. Bhí sé tuillte go maith acu. Má éiríonn leis na Dúnaibh ardú céime a fháil go Roinn 2 do shraith na Contae beidh siad ag imirt I ngrád na Sinsir de Chomórtas Peile na Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Guímis gach rath orthu. Lorcan Ó Conchúir & Garry Bán Mac Laifeartaigh a roghnaíodh an fhoireann na Gaeltachta Peileadóirí & lucht bainistíochta ag an bhronnadh An Corn a bhronnadh ar na Dúnaibh - Ben Mac Nuadhat agus Alan Pasoma
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3