Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 20 Is minic é ráite i seanchas Ros Goill gur bhronn teaghlach Phillimore as Londain an foirgneamh ar a dtugann muid Brú An Óige air ( Youth Hostel) ar an eagraíocht An Óige. Ba dhaoine saibhre iad Lord agus La- dy Phillimore. Bhí baint mhór ag Lord Phillimore le cúrsaí airgeadais agus bancaireachta i Sasana, go háirithe le Lloyd’s Bank i gceantar Ken- sington i Londain. Greanta ar leac i mballaí an bhainc tá seo scríofa: Baineadh an chloch so i Ros Goill i dTír Chonaill. Is as cairéal (quarry) a bhí suite ar an Mheall Mhór a tháinig an chloch seo. I measc na ndaoine a bhí ag obair sa chairéal seo bhí Tuathal Stiofáin Mac an tSaoir as Baile na Deora. Saor cloiche den scoth a bhí i dTuathal. An cairéal ar an Mheall Mór An leac ag Lloyds Bank, Kensington
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3