Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 21 Bhí baint ag Phillimore fosta le tógáil tithe agus forbairtí eile i gceantar Kensington. Tá Phillimore Gardens, Phillimore Place agus Phillimore Walk le fáil in Kensington i rith an ama. Bhí fear dárbh ainm Frank Sydney Chesterton ag obair dó mar ail- tire. Bhí an fear seo muinteartha don scríobhneoir cáiliúil GK Chesterton a dúirt lá den tsaoil ‘The great Gaels of Ireland are the men that God made mad, for all their wars are merry, and all their songs are sad’ ! Thug Phillimore scaifte fear as Ros Goill leis anonn go Londain le cuidiú leis an obair thógála a bhí ar siúl aige. Ina measc bhí sean-uncail de mo chuid féin, sin Micí Mac Lochlainn as Gort na Luchóg. Ag dul ar ais chuig Brú An Óige, deirtear gur thóg muintir Phillimore an teach seo í dtús báire mar theach saoire dóibh féin. Chaith siad tréimhsí ama anseo anuas fríd na bliantaí. Fuair Lord Phillimore bás i 1929. Ina dhiaidh sin bhíodh Lady Phillimore ag fanacht i mBrú An Óige i dTrá na Rosann léi féin. De réir cosúlachta bean charthanach (charitable) a bhí inti a raibh tuiscint aici don chruatan a bhí á fhulaingt Seo pictiúr de Neidí Jimí Mac Lochlainn as Gort na Luchóg a bhí ina mhaor ar Bhrú An Óige i dTrá na Rosann tráth den tsaol An chrois ag Dún Dubháin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3