Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 22 ag muintir na háite seo san am. Deirtear gurb ise a shocraigh an chrois i nDún Dubháin a thógáil. Shíl sí go dtiocfadh le daoine a n-urnaí a rá ag an chrois in ionad siúl fada bheith acu go dtí’n teach pobail i gCarraig Airt. Cha raibh an sagart paróiste sásta a bheannacht a thabhairt don tsocrú seo agus lean an turas fada chun an Aifrinn do mhuintir na háite. Tá sé ráite i seanchas na háite gur bhronn Lady Phillimore an teach i dTrá na Rosann ar An Óige ach scéal eile atá le fáil i gcaipéisí sa Leabharlann Náisiúnta. Anseo deirtear gurbh le Lord Leitrim an áit agus gur dhíol sé an teach agus trí acra talaimh leis An Óige ar £62-10s i Mí Márta 1939. Insíonn seo scéal eile dúinn, scéal a léiríonn dúinn an stair chasta a bhaineann le úinéireacht (ownership) talaimh na tíre seo, fiú le cuimhne na ndaoine. Le bliantaí fada anois tá Brú An Óige á úsáid mar áit le theacht ann le cúpla lá a chaitheamh ag spaisteoireacht thart fá Ros Goill, ag sú isteach áilleacht agus oidhreacht na háite, ag siúl ar Thrá na Rosann, ag dul in airde ar Chnoc na Sleá agus ag moladh nadúr Dé le héirí agus luí na gréine. Cibé stair a bhaineann le bunú agus díol Brú An Óige ná dé- anaimís dearmad orthu sin uilig a d’fhág rian a gcos agus lorg a láimhe ar an áit seo a tharraing cuairteoirí as fud an domain go dtí ár gceantar ghalánta le fada an lá. Litreacha faoi dhíol Brú an Óige

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3